Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 29 Nollaig 2021
- Foilsithe: 30 Nollaig 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cuireadh 16,428* cás deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Amhail 8am inniu, tá 568 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 93 acusan san aonad dianchúraim.
5,912* duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo. Áiríonn sé seo 22 bás a fógraíodh le seachtain anuas (ón gCéadaoin seo caite).
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“Is ábhar imní iad na táscairí eipidéimeolaíochta is déanaí go léir. Le cúpla lá anuas, tá méadú tagtha ar líon na n-othar COVID-19 chuig an ospidéal, ag leibhéil nach bhfacthas ó Eanáir 2021. Ar dhá lá as a chéile an tseachtain seo, glacadh breis agus 100 othar le COVID-19 isteach san ospidéal nó fuair siad toradh tástála “braite” agus iad san ospidéal.
“Inniu, tá an líon cásanna deimhnithe is airde riamh in Éirinn á thuairisciú againn. Tá an leagan Omicron ag luasghéarú go tapa sa phobal agus i bhfianaise leibhéil an-ard tarchurtha an athraithigh nua seo ar fud na tíre, ba cheart do gach duine a mheas go bhféadfadh siad a bheith tógálach, agus cloí go docht leis na bearta sláinte poiblí trí lámha a ní go rialta, achar sábháilte a choinneáil ó dhaoine eile, áiteanna plódaithe a sheachaint agus teagmhálacha sóisialta a laghdú oiread agus is féidir.
“An t-am seo anuraidh ba í an chomhairle sláinte poiblí an t-aon chosaint a bhí againn ar COVID-19 agus tá na bearta seo fós lárnach dár gcomhiarracht chun leathadh an ionfhabhtaithe a íoslaghdú. Mar sin féin, agus muid ag druidim i dtreo na hAthbhliana, déanaimid amhlaidh agus an t-eolas againn go bhfuil 92% dár ndaonra os cionn 16 bliana d’aois vacsaínithe go hiomlán anois, tá rolladh amach na teanndáileoige faoi lánseol agus tá an feachtas vacsaíne do leanaí idir 5-11 bliana d’aois tosaithe dóibh siúd a bhfuil bunriochtaí sláinte acu.
“Tugann an vacsaín COVID-19 agus an teanndáileog cosaint mhaith ar ionfhabhtú COVID-19. Mura bhfuil tú vacsaínithe go hiomlán go fóill nó má tá teanndáileog fós le fáil agat, tóg an vacsaín chomh luath agus a bheidh sé ar fáil duit.
“Is é an bealach is fearr le gach duine againn fanacht sábháilte agus leanúint ar aghaidh ag cosaint ár ngaolta sna seachtainí atá romhainn ná do theagmhálacha sóisialta a choinneáil chomh híseal agus is féidir, gníomhaíochtaí ardriosca a sheachaint agus leanúint de na bearta sláinte poiblí go léir atá againn chun stop a chur le scaipeadh COVID-19.
“Má thaistil tú ó thar lear chun am a chaitheamh in Éirinn tá sé tábhachtach go ndéanfaidh tú tástáil antaiginí gach lá ar feadh cúig lá.
“Má tá sé beartaithe agat cuairt a thabhairt ar thimpeallachtaí miondíola sna laethanta amach romhainn, roghnaigh le do thoil miondíoltóirí a chloíonn go láidir leis an treoir sláinte poiblí agus fág aon timpeallacht a bhraitheann neamhshábháilte. Ciallaíonn na leibhéil ionfhabhtaithe atá againn faoi láthair gur cheart siopadóireacht i dtimpeallachtaí plódaithe, áit nach féidir achar fisiciúil a dhéanamh, a fheiceáil mar ghníomhaíocht ardriosca agus ba cheart é a sheachaint mura rud é go bhfuil sé fíor-riachtanach - go háirithe dóibh siúd nach bhfuil vacsaínithe go hiomlán fós.”
NÓTAÍ
Tá staitisticí ar vacsaínithe teanndáileoige ar fáil anois ar Mhol sonraí COVID-19.
Cosaint Ilshraitheach chun cosaint a dhéanamh i gcoinne ionfhabhtú COVID-19. Tá [internal-link 204859 | raon póstaer agus comharthaí] ar fáil duit le húsáid.
In oirchill líon mór cásanna sa tréimhse amach romhainn, ón 22 Nollaig, beidh líon na gcásanna laethúla a bhfógrófar bunaithe ar thorthaí deimhneacha SARS-CoV-2 arna n-uaslódáil chuig Rianaire Cúraim COVID FSS an lá roimhe sin. Is sonraí sealadacha iad seo. Leanfaidh HPSC agus comhpháirtithe faireachais ag tabhairt fógra agus próiseáil cásanna agus ráigeanna de COVID-19 ar CIDR thar an tréimhse seo.