English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin, an 4 Márta 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 4 Márta 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Tugadh fógra don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu faoi dhá chás dheimhnithe de Covid-19 (Coróinvíreas) i dTuaisceart Éireann.

Tá an bheirt othar lena mbaineann á gcoimeád ar leithlis i dTuaisceart Éireann agus tá siad ag fáil cóireála.

Is le taisteal ó limistéar i dtuaisceart na hIodáile atá thíos leis an víreas a bhaineann ceann amháin de na cásanna.

Baineann an cás eile le dlúth-theagmháil le cás deimhnithe sa Ríocht Aontaithe.

Chuir Údaráis Sláinte Poiblí i dTuaisceart Éireann prótacail um rianú teagmhála i ngníomh.

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:

"Tuigimid anois go bhfuil trí chás dheimhnithe de Covid-19 ann i dTuaisceart Éireann, a fhágann go bhfuil cúig cinn san iomlán ann ar oileán na hÉireann."

"Ós rud é gur galar nua é COVID-19, tá sé intuigthe go gcruthóidh a theacht chun cinn imní agus eagla i measc an phobail i gcoitinne. Is féidir leis na tosca sin steiréitíopaí dochracha a chruthú freisin.

"Ní dhéanann an víreas seo aon idirdhealú idir teorainneacha ná ciníocha. Dá bhrí sin, nílim ag cur aon sriain leis an taisteal go hÉirinn mar chuid dár bhfreagairt reatha. Is gá dúinn leanúint lena chinntiú go mbeidh gach duine ar an eolas agus gurb eol dóibh cad ba cheart dóibh a dhéanamh i gcás go dtiocfaidh siomptóim orthu.

"Is gá gur comhréireach agus riachtanach a bheadh aon chinntí maidir le freagairtí do COVID-19 agus go mbeadh na cinntí sin bunaithe ar chomhairle shonrach sláinte poiblí. Ní bheadh aon fhreagairt eile cuí ina leith seo.

"Ba cheart don phobal i gcoitinne súil a choinneáil ar HSE.ie agus Gov.ie/health chun faisnéis chruinn úsáideach a fháil faoi fhreagairt na hÉireann do COVID-19."

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Tagann na háiteanna seo a leanas faoin sainiú cáis ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí: an tSeapáin, Singeapór, Hong Cong, an Chóiré Theas, an Iaráin, ceithre réigiún i dtuaisceart na hIodáile (an Lombaird, Veneto, Emilia-Romagna agus Píodmant) agus mórthír na Síne.

Aon duine a bhí i réigiún atá thíos leis an víreas (mórthír na Síne, an Chóiré Theas, an tSeapáin, Singeapór, Hong Cong, an Iaráin agus na ceithre réigiún lena mbaineann i dtuaisceart na hIodáile) sna 14 lá seo a chuaigh thart AGUS a bhfuil siomptóim air/uirthi, ba cheart dó/di é/í féin a leithlisiú agus glao a chur ar a lia-chleachtóir ginearálta lom láithreach

Aon duine a bhí i ndlúth-theagmháil le cás deimhnithe Covid-19 sna 14 lá seo a chuaigh thart AGUS a bhfuil siomptóim air/uirthi, ba cheart dó/di é/í féin a leithlisiú agus glao a chur ar a lia-chleachtóir ginearálta lom láithreach

Aon duine a bhí i réigiún atá thíos leis an víreas (an tSín, an tSeapáin, Singeapór, Hong Cong, an Chóiré Theas, an Iaráin agus na ceithre réigiún lena mbaineann i dtuaisceart na hIodáile) sna 14 lá seo a chuaigh thart agus a bhfuil an tsláinte aige/aici, ba cheart dó/di dul chuig www.HSE.ie [nasc seachtrach: www.HSE.ie] chun comhairle a fháil.

Is féidir go rachaidh suas le 14 lá thart sula mbeidh siomptóim Covid-19 (Coróinvíreas) le brath.

Is féidir go n-áireofar iad seo a leanas leis na siomptóim sin:

  • Casacht
  • Giorra anála
  • Deacrachtaí análaithe
  • Fiabhras (ardteocht)

Is féidir le Covid-19 (Coróinvíreas) a bheith ina chúis le tinnis níos troime freisin, lena n-áirítear iad seo a leanas:

  • Niúmóine
  • Giorra anála
  • Deacrachtaí análaithe
  • Fiabhras (ardteocht)

Áirítear iad seo a leanas leis na nithe is féidir leat a dhéanamh chun tú féin a chosaint ar Covid-19 (Coróinvíreas):

  • Nigh do lámha i gceart agus go rialta
  • Cumhdaigh do bhéal nó do shrón le ciarsúr páipéir nuair a dhéanann tú casacht nó sraoth

Nigh do lámha i gceart agus go rialta le gallúnach agus uisce nó le glóthach láimhe alcólbhunaithe:

  • Tar éis duit casacht nó sraoth a dhéanamh
  • Tar éis duit an leithreas a úsáid
  • Sula n-íosfaidh tú
  • Sula réiteoidh tú bia agus tar éis duit bia a réiteach