Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 4 Samhain 2020
- Foilsithe: 4 Samhain 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil ochtar le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 1,930 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn.
Amhail meán oíche Dé Máirt an 3 Samhain, cuireadh 444 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 63,483* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
De na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
- Is fir iad 208 / is mná iad 235 díobh
- Tá 61% faoi bhun 45 bliana d’aois
- 37 aois airmheánach na ndaoine
- 158 i mBaile Átha Cliath, 48 i gCorcaigh, 36 i nGaillimh, 28 i Luimneach agus 174 cás scaipthe ar fud 19 gcontae eile.
Amhail 2pm inniu tá 310 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 41 díobh sin san ICU. Cuireadh 25 in ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte;
“Tá gach píosa comhairle sláinte poiblí a thugamar ó thús na paindéime seo deartha chun gach duine a chosaint ó thionchar COVID-19. Má tá tú i ndlúth-theagmháil le cás deimhnithe, iarrtar ort srian a chur ar do ghluaiseachtaí ar feadh 14 lá agus freastal ar do dhá thástáil COVID-19 saor in aisce, ceann ar lá 0 agus ceann ar lá 7. Tá sé seo le déanamh agat toisc gur dlúth-theagmhálaí tú agus go raibh teagmháil agat leis an víreas. B’fhéidir go dtógfaidh sé tamall air seo a bheith soiléir, nó go mbeidh tú tógálach.”
“Trí fanacht sa bhaile ar feadh na tréimhse 14 lá, tá tú ag cabhrú le scaipeadh an ghalair chontúirtigh seo a stopadh. Agus an treoir thábhachtach seo á leanúint agat, tá tú ag cabhrú chun an víreas seo a thabhairt ar ais go dtí an áit a chaithfidh sé a bheith agus do pháirt a ghlacadh san iarracht náisiúnta seo."
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC, dí-fhógraíodh 9 gcás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 63,483 cás deimhnithe é seo.
Cásanna an lae inniu, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 03 Samhain 2020) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)
Contae | Cásanna an lae inniu (go meán oíche 03 SAMH 2020) | Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (21 DF 2020 go 03 SAMH 2020) | Cásanna Nua le 14 lá anuas (21 DF 2020 go 03 SAMH 2020) |
ÉIRE | 444 | 212.7 | 10,127 |
An Cabhán | <5 | 364.9 | 278 |
An Mhí | 20 | 323.0 | 630 |
Dún na nGall | 16 | 286.4 | 456 |
Sligeach | 6 | 283.8 | 186 |
An Iarmhí | 12 | 263.6 | 234 |
Ceatharlach | <5 | 245.9 | 140 |
Corcaigh | 48 | 243.7 | 1,323 |
Gaillimh | 36 | 243.4 | 628 |
Luimneach | 28 | 227.8 | 444 |
Ros Comáin | 12 | 223.1 | 144 |
Lú | 11 | 221.9 | 286 |
Baile Átha Cliath | 158 | 211.5 | 2,849 |
Muineachán | <5 | 208.5 | 128 |
Maigh Eo | 11 | 195.4 | 255 |
Port Láirge | 5 | 194.5 | 226 |
An Clár | 5 | 187.7 | 223 |
Cill Dara | 15 | 186.5 | 76 |
Ciarraí | 20 | 179.4 | 265 |
Laois | <5 | 177.1 | 150 |
Cill Chainnigh | 11 | 136.0 | 135 |
Tiobraid Árann | 11 | 130.4 | 208 |
Loch Garman | <5 | 123.6 | 185 |
Uíbh Fhailí | <5 | 118.0 | 92 |
Cill Mhantáin | 7 | 104.6 | 149 |
Liatroim | <5 | 68.7 | 22 |