English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 5 Bealtaine 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 5 Bealtaine 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 7 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Bhásaigh cúigear díobh sin i mí Aibreáin, duine i mí Feabhra agus duine i mí Eanáir. 82 aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh agus 67-92 an raon aoise.

4,915 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche Dé Máirt an 4 Bealtaine, cuireadh 418 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 251,087* cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 199 / is mná iad 214 díobh
  • Tá 73% faoi bhun 45 bliain d’aois
  • 30 aois airmheánach na ndaoine
  • 167 i mBaile Átha Cliath, 39 i gCorcaigh, 32 i nDún na nGall, 29 i gCill Dara, 22 sa Mhí agus tá na 129 cás eile scaipthe ar fud 20 contae eile**.

Amhail 8am inniu, tá 137 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 37 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 18 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Amhail Dé Luain an 3 Bealtaine, bhí 1,621,870 dáileog den vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:

  • Bhí a gcéad dáileog faighte ag 1,174,292 duine
  • Bhí a dara dáileog faighte ag 447,578 duine

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis:

“Agus muid ag tnúth le hathoscailt níos mó gníomhaíochtaí agus seirbhísí, is é an príomhchuspóir atá againn anois fanacht ar an gcúrsa ceart sna seachtainí amach romhainn agus an chomhairle sláinte poiblí a leanúint inár ngníomhaíochtaí laethúla.

“Nuair atá tú ag pleanáil bualadh le duine, cuimhnigh go bhfuil sé níos sábháilte do gach duine a bheith taobh amuigh. Agus sibh ag bualadh le chéile, fan amach achar 2m, fan i ngrúpa beag agus seachain áiteanna plódaithe - íoslaghdóidh sé seo an baol go scaipfidh an víreas ó dhuine go duine, laghdófar an ráta minicíochta agus beimid in ann ár sochaí a choinneáil oscailte.

“Le linn na paindéime seo chonaiceamar ráigeanna den ghalar a tharla mar thoradh ar imeachtaí sóisialta mar shochraidí, tórraimh agus cóisirí. Ar an drochuair caithfimid leanúint ar aghaidh ag fanacht ar an airdeall mar gheall ar nádúr tógálach an ghalair seo agus grúpaí móra daoine a sheachaint. Caithfidh gach earnáil den tsochaí na teachtaireachtaí sláinte poiblí a spreagadh agus cabhrú le gach duine fanacht sábháilte."

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 3 chás. Léiríonn an figiúr de 251,087 cás deimhnithe é seo.

**Ba cheart sonraí contae a mheas go amhail is gur sonraí sealadacha iad toisc gur córas dinimiciúil é an Córas Ríomhairithe náisiúnta um Ghalair Thógálacha a Thuairisciú (CIDR) agus tá sonraí cáis á mbailíochtú agus á nuashonrú i gcónaí.

Cásanna an lae inniu, meán gluaiseachta 5 lá de chásanna nua, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 4 Bealtaine 2021) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)

Contae Cásanna an lae inniu (go meán oíche 04 Beal 2021) Meán gluaiseachta 5 lá (29 Aib 2021 - 04 Beal 2021) Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (21 Aib 2021 go 04 Beal 2021) Cásanna Nua le 14 lá anuas (21 Aib 2021 go 04 Beal 2021)
Éire 418 445.2 134.4 6,401
Dún na nGall 32 28.2 307.8 490
Cill Dara 29 44.0 261.6 582
An Iarmhí 8 12.0 208.4 185
Baile Átha Cliath 167 168.8 188.1 2,534
Uíbh Fháilí 7 6.2 162.9 127
Tiobraid Árann 16 16.6 162.3 259
An Mhí 22 25.0 146.6 286
An Cabhán <5 11.0 143.1 109
Luimneach 17 14.6 127.8 249
An Longfort 5 3.6 127.2 52
12 13.4 121.8 157
Liatroim <5 1.6 112.3 36
Ros Comáin <5 7.0 102.3 66
Cill Mhantáin 7 8.8 96.9 138
Gaillimh 10 13.4 89.1 230
Ceatharlach <5 3.4 84.3 48
Muineachán 5 2.6 83.1 51
Port Láirge 5 7.8 79.2 92
Corcaigh 39 37.4 76.1 413
Maigh Eo <5 4.2 59.0 77
Laois <5 2.6 53.1 45
An Clár 5 3.8 42.9 51
Sligeach 0 0.8 38.1 25
Cill Chainnigh <5 2.6 37.3 37
Loch Garman 9 4.0 28.7 43
Ciarraí <5 1.8 12.9 19

~Soláthraíonn an meán gluaiseachta 5 lá de líon na gcásanna nua táscaire iomchuí ar líon na gcásanna laethúla reatha laistigh de chontae. Áirítear aon bhailíochtú cásanna a tharla sna laethanta roimhe seo agus réitíonn sé luaineachtaí laethúla/deireadh seachtaine i líon na gcásanna.

  • Ráta minicíochta 7 lá 68
  • Meán gluaiseachta 5 lá 445