Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 7 Deireadh Fómhair 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 7 Deireadh Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 8 Deireadh Fómhair 2020

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil cúigear le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Tá 1,816 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn.

Amhail meán oíche Dé Máirt an 6 Deireadh Fómhair, cuireadh 611 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 39,584 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

De na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • is fir iad 303 / is mná iad 305 díobh
  • tá 59% faoi bhun 45 bliain d’aois
  • deimhnítear go bhfuil baint ag 50% le ráigeanna nó gur dlúth-theagmhálacha iad le cás deimhnithe
  • aithníodh 83 cás mar thras-seoladh pobail
  • tá 218 i mBaile Átha Cliath, 63 i gCorcaigh, 60 i nDún na nGall, 35 i nGaillimh, 31 i gCill Dara agus an 204 eile lonnaithe ar fud 21 chontae

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Tá meath breise tagtha ar phríomhtháscairí uile an ghalair sna trí lá ón gcruinniú deireanach de NPHET Dé Domhnaigh an 4 Deireadh Fómhair. Tá COVID-19 ag leathadh inár bpobal ar bhealach a chuireann an-imní orainn. Caithfimid na slabhraí tarchuir seo a bhriseadh.

"Cuireadh 80 cás COVID-19 san ospidéal i mí Lúnasa, 206 i mí Mheán Fómhair agus 77 go dtí seo i mí Dheireadh Fómhair.

"I mí Lúnasa, tuairiscíodh 4 bhás a bhain le COVID-19 san iomlán, 34 i mí Mheán Fómhair agus inniu an 7 Deireadh Fómhair tuairiscímid 8 mbás a bhaineann le COVID-19 an mhí seo."

Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Tá treochtaí i líon na gcásanna agus minicíocht á léiriú anois i dtáscairí déine an ghalair. Tá méadú tagtha ar líon na ndaoine san ospidéal ó 122 Déardaoin seo caite go 156 tráthnóna inniu. Faoi láthair tá 25 duine i gcúram criticiúil i gcomparáid le 20 seachtain amháin ó shin."

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach um Shamhaltú Eipidéimeolaíochta na hÉireann NPHET:

"Tá líon na gcásanna agus na ndaoine á gcur san ospidéal ag fás go han-tapa. Meastar anois gurb ionann an uimhir atáirgthe agus 1.2. Má theipeann orainn tarchur víreasach a laghdú ar fud na tíre láithreach, d’fhéadfaimis 1,100 - 1,500 cás a fheiceáil in aghaidh an lae agus 300-450 duine san ospidéal faoin 7 Samhain."

Dúirt an Dr Siobhán Ní Bhriain, Síciatraí Comhairleach agus Ceannaire Cúraim Chomhtháite FSS:

"Molaim do gach duine smaoineamh faoi cad is féidir leo a dhéanamh ar leibhéal aonair chun an víreas a chur faoi chois agus borradh ar éilimh ospidéil a chosc. Faoi láthair, 20 lá is ea an meánfhad a chaithfidh othair COVID-19 fanacht san ospidéal agus 14 lá in ICU.

"Is é ICU an stad deireanach chun cúram a fháil maidir le haon bhreoiteacht. Dírigh ar chosc agus lean comhairle sláinte poiblí lena chinntiú go bhfuil bealaí cúraim ar fáil don oiread daoine agus cóireálacha agus is féidir."

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat