English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 8 Aibreán

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 8 Aibreán 2020
  • An t-eolas is déanaí: 8 Aibreán 2020

Tugadh fógra don Lárionad Faire um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 25 othar in Éirinn ar diagnóisíodh go raibh COVID-19 orthu tar éis bás a fháil.

  • tá 13 básaithe san oirthear, 8 sa tuaisceart, 2 sa deisceart agus 2 in iarthar na tíre
  • bhí 10 bean agus 15 fear san áireamh sna daoine
  • 80 aois airmheánach na mbásanna a tuairiscíodh inniu
  • tuairiscíodh go raibh fadhbanna eile sláinte ag 18 duine

Tá 235 básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.

Tugadh fógra don Lárionad Faire um Chosaint Sláinte go bhfuil 365 cás nua deimhnithe de COVID-19 in Éirinn, amhail 1pm, an 8 Aibreán.

Tá 6,074 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.

Thug an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí ar aird treoir ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) inniu go meastar go bhfuil an riosca go dtarlódh galar trom a bhaineann le COVID-19 san AE agus sa Ríocht Aontaithe measartha don daonra i gcoitinne agus an-ard do ghrúpaí leochaileacha.

Chuir an ECDC in iúl freisin go bhfuil sé ró-luath faoi láthair tús a chur le bearta um scaradh pobail agus fisiceach a chur ar ceal agus gur cheart do Bhallstáit leanúint de chur chuige bunaithe ar shláinte phoiblí maidir le tástáil agus rianú teagmhála a ghlacadh.

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Leanann Éire ag leanúint treoir ECDC maidir le tástáil, rianú teagmhála agus bearta pobail a chur i bhfeidhm ar nós fadú fisiceach agus cocúnú. Is é seo an bealach is éifeachtaí atá againn le scaipeadh an víris seo a mhoilliú agus beatha daoine a shábháil.

“Tá athbhreithniú leanúnach á dhéanamh ar ár dtreoir sláinte poiblí agus tiocfaidh an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le chéile arís maidin Dé hAoine chun tionchar na mbeart leanúnach a athbhreithniú."

Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Dúirt an ECDC go bhfuil an dóchúlacht go leanfaidh scaipeadh COVID-19 an-ard. Tá an baol go sárófar acmhainn an chórais sláinte ard fiú i dtíortha mar Éirinn inar cuireadh srianta suntasacha sláinte poiblí i bhfeidhm.

“Is ar na cúiseanna seo a leanaimid orainn ag iarraidh ar dhaoine fanacht sa bhaile agus comhairle sláinte poiblí a leanúint. Cé go bhfuil a fhios againn go bhfuil na bearta seo deacair go háirithe agus muid ag druidim le deireadh seachtaine saoire bainc grianmhar, tá tionchar ag na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an bpobal agus tá difríocht dáiríre á déanamh."


Miondealú ar na 235 bás COVID-19 in Éirinn

As na 235 bás COVID-19 in Éirinn:

  • tharla 168 cás (72%) i dtimpeallacht ospidéil
  • bhí 27 cás (12%) in Aonaid Dianchúraim (ICU)
  • bhí fadhbanna sláinte eile ag 190 (81%) cás
  • bhí 148 fear agus 67 bean i gceist
  • 81 aois airmheánach na ndaoine

Cásanna amhail Dé Luain an 8 Aibreán 2020

Tugadh fógra don Lárionad Faire um Chosaint Sláinte go bhfuil 365 cás nua deimhnithe de COVID-19 in Éirinn, amhail 1pm, an 8 Aibreán.

Tá 6,074 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.

Seo a leanas mar a léiríonn sonraí an HPSC inniu, amhail meán oíche, an 6 Aibreán (5,981 cás):

  • is fir iad 46% agus is mná iad 53% díobh, agus baineann 1,288 cás le 299 cnuasach
  • 48 aois airmheánach na gcásanna deimhnithe
  • cuireadh 1,472 cás (25%) san ospidéal
  • díobh siúd a cuireadh san ospidéal, tógadh 224 cás isteach san ICU
  • tá baint ag 1,568 cás le hoibrithe cúram sláinte
  • tá an líon is mó cásanna i mBaile Átha Cliath le 3,268 cás, (55% de na cásanna go léir) agus i gCorcaigh ina dhiaidh sin le 431 cás (7%)
  • díobh siúd a bhfuil a stádas tarchuir ar eolas: is ionann tarchur pobail agus 67%, is ionann dlúth-theagmháil agus 23%, is ionann taisteal thar lear agus 10%

Is féidir leat na sonraí is déanaí a fheiceáil ar Deais COVID-19 (Coróinvíreas).

CRÍOCH


Staitisticí ospidéil

Líon iomlán na gcásanna 5981
Líon iomlán san ospidéal 1472
Líon iomlán a tugadh isteach san ICU 224
Líon iomlán na mbásanna 223
Líon iomlán na n-oibrithe cúram sláinte 1568
Líon na gcnuasach curtha in iúl 299
Aois airmheánach 48
  • Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Luain an 6 Aibreán.

Inscne na n-othar

Inscne Líon mar % den Iomlán
Baineann 3154 52.7
Fireann 2757 46.1
Anaithnid 70 1.2
Iomlán 5981
  • Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Luain an 6 Aibreán.

Raon aoise lena mbaineann

Aoisghrúpa Líon mar % den Iomlán
<1 12 0.2
1 - 4 18 0.3
5 - 14 42 0.7
15 - 24 364 6.1
25 - 34 1010 16.9
35 - 44 1111 18.6
45 - 54 1118 18.7
55 - 64 847 14.2
65+ 1442 24.1
Anaithnid 17 0.3
  • Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Luain an 6 Aibreán.

An chaoi a bhfuil COVID-19 ag scaipeadh

Tarchur pobail 67%
Dlúth-theagmháil le cás deimhnithe 23%
Taisteal Thar Lear 10%
  • Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Luain an 6 Aibreán.

Tabhair ar aird:

Sa chás go bhfaigheann duine toradh deimhneach ar a dtástáil le haghaidh COVID-19 agus nach raibh sé/sí thar lear nó nach raibh teagmháil aige/aici le cás deimhnithe eile in Éirinn, tugtar tarchur pobail air sin.

Sa chás gur féidir duine toradh deimhneach do COVID-19 a nascadh le cás deimhnithe eile in Éirinn, tugtar tarchur logánta air sin.


Cásanna san ospidéal de réir aoisghrúpa

Aoisghrúpa Líon na gcásanna Céatadán den iomlán
<5 7 0.5
5 - 14 4 0.3
15 - 24 37 2.5
25 - 34 102 6.9
35 - 44 127 8.6
45 - 54 224 15.2
55 - 64 230 15.6
65+ 739 50.2
Anaithnid 2 0.1
  • Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Luain an 6 Aibreán.

Cásanna de réir contae

Ceatharlach 15 0.3%
An Cabhán 129 2.2%
An Clár 66 1.1%
Corcaigh 431 7.2%
Dún na nGall 120 2%
Baile Átha Cliath 3268 54.6%
Gaillimh 134 2.2%
Ciarraí 122 2%
Cill Dara 233 3.9%
Cill Chainnigh 88 1.5%
Laois 34 0.6%
Liatroim 20 0.3%
Luimneach 160 2.7%
Longfort 35 0.6%
96 1.5%
Maigh Eo 130 2.2%
An Mhí 183 3.1%
Muineachán 62 1%
Uíbh Fhailí 77 1.3%
Ros Comáin 22 0.4%
Sligeach 28 0.5%
Tiobraid Árann 137 2.3%
Port Láirge 52 0.9%
An Iarmhí 134 2.2%
Loch Garman 24 0.4%
Cill Mhantáin 181 3%
  • Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Luain an 6 Aibreán.

Ciallaíonn ≤ 'níos lú ná nó cothrom le'.