Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 9 Meán Fómhair 2020
- Foilsithe: 9 Meán Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil triúr le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 1,781 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Amhail meán oíche Dé Máirt an 8 Meán Fómhair, cuireadh 84 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 30,164 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
De na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
- Is fir iad 32 / is mná iad 52 díobh
- Tá 66% faoi bhun 45 bliana d’aois
- Deimhnítear go bhfuil baint ag 30% le ráigeanna nó gur dlúth-theagmhálacha iad le cás deimhnithe
- Aithníodh 8 cás mar thras-seoladh pobail
- Tá 51 i mBaile Átha Cliath, 6 in Uíbh Fhailí, 5 i gCill Dara agus na 22 cás eile lonnaithe i gCorcaigh, Dún na nGall, Gaillimh, Maigh Eo, an Mhí, Ros Comáin, Tiobraid Árann, an Iarmhí agus Cill Mhantáin.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Príomhoifigeach Gníomhach Leighis, an Roinn Sláinte;
“Is ábhar buartha an patrún cásanna atá le feiceáil, go háirithe i mBaile Átha Cliath. Tá an tarchur ag scaipeadh ar fud an chontae, tá sé i ngach aoisghrúpa agus tá sé ag tarlú go príomha mar gheall ar idirghníomhaíocht shóisialta laistigh de theaghlaigh agus idir theaghlaigh."
Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach um Shamhaltú Eipidéimeolaíochta na hÉireann;
“Cé go bhfuil an uimhir atáirgthe d’Éirinn ina iomláine gar do 1.0, tá an uimhir atáirgthe do Bhaile Átha Cliath thart ar 1.4. Tá líon na gcásanna ag méadú i mBaile Átha Cliath, ag fás gar do 5% in aghaidh an lae. Má leanann sé sin ar aghaidh, méadóidh líon na gcásanna faoi dhó gach 14 lá. Mar gheall ar dhaonra Bhaile Átha Cliath tá sé riachtanach go gcuirfimid cosc ar scaipeadh breise anois - trí ár dteagmhálacha sóisialta a theorannú agus réamhchúraimí a dhéanamh le linn teagmhálacha riachtanacha."
Dúirt an Dr Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil, FSS;
“Is sa suíomh baile atá an riosca is mó do leanaí scoile anois. Léiríonn taithí idirnáisiúnta nach raibh baint ag athoscailt scoileanna le tarchur pobail a mhéadú go suntasach. Is é tarchur an víris laistigh de phobail an bhagairt is mó do scoileanna. Arís, iarraimid ar gach teaghlach smaoineamh ar a bpleananna sóisialta. Coinnigh laistigh de 6 duine laistigh / 15 duine lasmuigh agus bíodh scaradh fisiceach i bhfeidhm i ngach suíomh."
CRÍOCH