English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 9 Nollaig 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 9 Nollaig 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Nollaig 2020

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil cúigear le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Tá 2,102 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche Dé Máirt an 8 Nollaig, cuireadh 227 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 74,900* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 98 / is mná iad 129 díobh
  • Tá 64% faoi bhun 45 bliain d’aois
  • 37 aois airmheánach na ndaoine
  • 70 i mBaile Átha Cliath, 26 i nDún na nGall, 19 i Luimneach, 14 i Lú, 14 i gCill Chainnigh agus tá na 84 cás eile scaipthe ar fud 17 gcontae eile.

Amhail 2pm inniu tá 224 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 38 díobh sin san aonad dianchúraim.

Cuireadh 14 duine in ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

“Inniu chonaiceamar gur glacadh 8 duine eile isteach san aonad dianchúraim, an líon is mó i dtréimhse 24 uair an chloig ó aimsir an earraigh."

“Is galar an-tógálach é COVID-19 fós agus tá daoine á gcur in ospidéil agus san aonad dianchúraim mar thoradh air.

“D’éirigh le hÉirinn COVID-19 a thabhairt anuas go dtí na leibhéil minicíochta is ísle san AE le seachtainí beaga anuas. D’éirigh linn ár n-iompraíochtaí sábháilte a choinneáil suas agus d’oibrigh muid chun a chéile a chosaint le linn na paindéime.

“Mura leanaimid orainn ag cur an ghalair faoi chois trí na gníomhartha atá foghlamtha againn le míonna beaga anuas, feicfimid borradh go tapa in ionfhabhtuithe as a dtiocfaidh méadú ar líon na ndaoine in ospidéal, san aonad dianchúraim agus, go tragóideach, feicfimid níos mó básanna.

“Táimid ag pleanáil go gníomhach chun vacsaíniú a dhéanamh ar dhaoine go luath in 2021. Ní féidir linn a bheith neamhairdeallach anois."

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 9 gcás. Léiríonn an figiúr de 74,900 cás deimhnithe é sin.

Cásanna an lae inniu, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 08 Nollaig 2020) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)

Contae Cásanna an lae inniu (go meán oíche 08 Noll 2020) Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (25 Samh 2020 go 08 Noll 2020) Cásanna Nua le 14 lá anuas (25 Samh 2020 go 08 Noll 2020)
Éire 227 79.5 3,788
Dún na nGall 26 226.8 361
Cill Chainnigh 14 191.5 190
14 153.6 198
Luimneach 19 135.5 264
Muineachán 5 123.8 76
Ceatharlach <5 121.2 69
Cill Mhantáin <5 114.4 163
Bhaile Átha Cliath 70 93.9 1,265
Tiobraid Árann <5 80.2 128
Longfort <5 78.3 32
Port Láirge 8 78.3 91
Maigh Eo 7 75.9 99
Uíbh Fhailí <5 68 53
An Cabhán 7 63 48
Gaillimh 10 58.1 150
Laois <5 54.3 46
Ros Comáin <5 51.1 33
Cill Dara 7 50.3 112
An Mhí 10 49.2 96
An Clár 0 32 38
Sligeach 0 30.5 20
Corcaigh 5 28.6 155
Ciarraí <5 27.1 40
Loch Garman 7 24 36
An Iarmhí 0 22.5 20
Liatroim 0 15.6 5