English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Domhnaigh 12 Aibreán

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 12 Aibreán 2020
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2020

Tugadh fógra don Lárionad Faire um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 14 othar in Éirinn ar diagnóisíodh go raibh COVID-19 orthu tar éis bás a fháil:

  • bhásaigh 12 duine san oirthear agus 2 in iarthar na tíre
  • bhí 6 bean agus 8 fear i measc na ndaoine
  • 80 aois airmheánach na mbásanna a tuairiscíodh inniu
  • tuairiscíodh go raibh fadhbanna eile sláinte ag 10 duine

Tá 334 básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.

Amhail 1pm Dé Domhnaigh an 12 Aibreán, cuireadh an HPSC ar an eolas faoi na cásanna seo a leanas:

  • 430 cás deimhnithe breise de COVID-19 a thuairiscigh saotharlanna in Éirinn
  • 297 cás deimhnithe breise de COVID-19 a thuairiscigh saotharlann sa Ghearmáin (is léiriú iad sin ar shamplaí a tógadh seachtainí ó shin)

Agus na figiúirí is déanaí ón nGearmáin san áireamh, tá 9,655 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.


Cásanna amhail Dé hAoine an 10 Aibreán

Léiríonn sonraí an HPSC inniu, amhail meán oíche, Dé hAoine an 10 Aibreán (8,496 cás) – lena n-áirítear torthaí na Gearmáine a fuarthas go dtí an dáta sin:

  • is fir iad 45% díobh agus is mná 54% díobh, agus baineann 1,653 cás le 383 cnuasach
  • 48 aois airmheánach na gcásanna deimhnithe
  • cuireadh 1,777 cás (21%) san ospidéal
  • díobh siúd a cuireadh san ospidéal, tógadh 261 cás isteach san ICU
  • bhain 2,312 cás le hoibrithe cúram sláinte
  • tá an líon is mó cásanna i mBaile Átha Cliath le 4,514 cás (53% de na cásanna go léir) agus Corcaigh ina dhiaidh sin le 648 cás (8%)
  • díobh siúd a bhfuil a stádas tarchuir ar eolas: is ionann tarchur pobail agus 66%, is ionann dlúth-theagmháil agus 26%, is ionann taisteal thar lear agus 7%

Téigh chuig Deais Faisnéise COVID-19 na Roinne Sláinte chun an fhaisnéis is déanaí faoi chásanna a fháil.

CRÍOCH


Staitisticí ospidéil

Líon iomlán na gcásanna 496
Líon iomlán san ospidéal 1777
Líon iomlán a tugadh isteach san ICU 261
Líon iomlán na mbásanna 329
Líon iomlán na n-oibrithe cúram sláinte 2312
Líon na gcnuasach curtha in iúl 383
Aois airmheánach 48
  • Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé hAoine an 10 Aibreán.

Inscne na n-othar

Inscne Líon mar % den Iomlán
Baineann 4616 54.3
Fireann 3783 44.5
Anaithnid 97 1.1
Iomlán 8496
  • Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé hAoine an 10 Aibreán.

Raon aoise lena mbaineann

Aoisghrúpa Líon mar % den Iomlán
<1 18 0.2
1 - 4 27 0.3
5 - 14 56 0.7
15 - 24 528 6. 2
25 - 34 1479 17.4
35 - 44 1558 18.3
45 - 54 1609 18.9
55 - 64 1251 14.7
65+ 1951 23
Anaithnid 19 0.2
  • Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé hAoine an 10 Aibreán.

An chaoi a bhfuil COVID-19 ag scaipeadh

Tarchur pobail 67%
Dlúth-theagmháil le cás deimhnithe 26%
Taisteal Thar Lear 7%
  • Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé hAoine an 10 Aibreán.

Tabhair ar aird:

Sa chás go bhfaigheann duine toradh deimhneach ar a dtástáil le haghaidh COVID-19 agus nach raibh sé/sí thar lear nó nach raibh teagmháil aige/aici le cás deimhnithe eile in Éirinn, tugtar tarchur pobail air sin.

Sa chás gur féidir duine toradh deimhneach do COVID-19 a nascadh le cás deimhnithe eile in Éirinn, tugtar tarchur logánta air sin.


Cásanna san ospidéal de réir aoisghrúpa

Aoisghrúpa Líon na gcásanna Céatadán den iomlán
<5 10 0.6
5 - 14 5 0.3
15 - 24 43 2.4
25 - 34 123 6.9
35 - 44 146 8.2
45 - 54 263 14.8
55 - 64 279 15.7
65+ 906 51
Anaithnid 2 0.1
  • Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé hAoine an 10 Aibreán.

Cásanna de réir contae

Ceatharlach 32 0.4%
An Cabhán 210 2.5%
An Clár 88 1%
Corcaigh 648 7. 6%
Dún na nGall 188 2.2%
Baile Átha Cliath 4514 53.1%
Gaillimh 178 2.1%
Ciarraí 170 2%
Cill Dara 360 4.2%
Cill Chainnigh 124 1.5%
Laois 71 0.8%
Liatroim 32 0.4%
Luimneach 234 2.8%
Longfort 49 0.6%
143 1.7%
Maigh Eo 183 2.2%
An Mhí 249 2.9%
Muineachán 88 1%
Uíbh Fhailí 119 1.4%
Ros Comáin 31 0.4%
Sligeach 45 0.5%
Tiobraid Árann 175 2.1%
Port Láirge 67 0.8%
An Iarmhí 192 2.3%
Loch Garman 42 0.5%
Cill Mhantáin 263 3.1%
  • Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé hAoine an 10 Aibreán.

Ciallaíonn ≤ 'níos lú ná nó cothrom le'.