English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Domhnaigh 12 Iúil 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 12 Iúil 2020
  • An t-eolas is déanaí: 13 Iúil 2020

Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte (HPSC) inniu.

Fuair 1,746 duine bás anois in Éirinn de thoradh ar COVID-19.

Amhail meán oíche Sathairn 11 Iúil, cuireadh 17 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Anois tá 25,628 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn.

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.

Dúirt an Dr Ronan Glynn, Príomhoifigeach Gníomhach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Tá an víreas seo fós ann. Tá sé fós i ndaoine. Níl de dhíth air ach an deis is lú chun a bheith ina fadhb mhór arís.

"Lean ort tú féin agus daoine eile a chosaint le do thoil - bí ag faire amach do na hairíonna, nigh do lámha agus caith clúdach aghaidhe nuair is cuí. Má bhíonn aon imní ort faoi na hairíonna, ná bíodh moill ort - déan tú féin a leithlisiú agus déan teagmháil láithreach le do dhochtúir teaghlaigh."

Soláthraíonn an Deais COVID-19 faisnéis chothrom le dáta faoi na príomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH