English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Domhnaigh 23 Lúnasa 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 23 Lúnasa 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.

Anois tá iomlán de1,777 cás bainteach le COVID-19 in Éirinn.

Ó mheán oíche Satharn 22ú Lúnasa, cuireadh an HPSC ar an eolas faoi 61 cás deimhnithe de COVID-19.

Anois tá iomlán de 27,969 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn.

De na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 30 acu / Is mná iad 30 acu
  • Tá 67% faoi bhun 45 bliana d'aois
  • Deimhnítear go bhfuil baint ag 23 le ráigeanna nó gur dlúth-theagmhálacha iad le cás deimhnithe
  • Tá 16 cás aitheanta mar tharchur pobail
  • Tá 39 cás i mBaile Átha Cliath, 13 i gCill Dara agus tá na 9 gcás eile i gCorcaigh, Ciarraí, Laois, Luimneach, An Longfort agus Cill Mhantáin.

Tá an FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d'fhéadfadh a bheith ag othair a aithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun leathadh breise a chosc.

Soláthraíonn an eolas cothrom leDeais COVID-19 dáta ar na príomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

Dúirt an Dochtúir Ronan Glynn, Príomhoifigeach Gníomhach Leighis an Roinn Sláinte;

“Tá a fhios agam go mbraithimid go léir gan chumhacht uaireanta i gcoinne COVID-19. Ach nílimid gan chumhacht. Tá réimse uirlisí ar fáil ag gach duine againn – eolas a bheith againn ar na rioscaí, ár lámha a ní, gan teagmháil a dhéanamh lenár n-aghaidheanna, coinneáil i bhfad ó dhaoine go fisiciúil, sluaite a sheachaint, cuairteoirí a theorannú chuig ár dtithe, agus clúdach aghaidhe a chaitheamh. Ach is an uirlis is tábhachtaí ar fad ná ár ndlúthpháirtíocht lena chéile – trí spreagadh a thabhairt dá chéile chun cloí leis na bunbhearta agus trí leanúint ar aghaidh ag gníomhú agus ag oiriúnú le chéile is féidir linn tarchur an víris seo a chur faoi chois arís.”

CRÍOCH