English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Domhnaigh An 10 Bealtaine 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 10 Bealtaine 2020
  • An t-eolas is déanaí: 10 Bealtaine 2020

Inniu, cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte gur bhásaigh 12 dhuine de thoradh COVID-19.

Tá 1,458 duine ar fad tar éis bháis de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.

Ag 11am, Dé Domhnaigh, an 10 Bealtaine, bhí 236 cás deimhnithe nua de COVID-19 curtha in iúl do HPSC. Tá 22,996 cás deimhnithe ar fad de COVID-19 in Éirinn anois.

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálaithe a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint agus faisnéis agus comhairle a chur orthu chun scaipeadh an víris a chosc.

Tugtar an méid seo a leanas le fios i sonraí an lae inniu ó HPSC, go dtí meán oíche, Dé hAoine, an 8 Bealtaine (22,671 cás):

  • Is mná iad 57% agus is fir iad 43%
  • Is é 49 bliain d’aois an aois airmheánach
  • Tá 2,986 cás (13%) curtha san ospidéal
  • As measc na ndaoine a cuireadh san ospidéal, cuireadh cóir leighis ar 383 cás san aonad dianchúraim
  • Baineann 6,771 cás le hoibrithe cúraim sláinte
  • Is i mBaile Átha Cliath atá an líon is mó cásanna - 11,068 (49% de gach cás), agus is í Cill Dara atá sa dara háit ar an liosta, áit a bhfuil 1,324 cás (6%), agus is í Corcaigh atá sa tríú háit ar an liosta, áit a bhfuil 1,207 cás (5%).
  • Maidir leis na cásanna a bhfuil a stádas scaipthe ar eolas: scaipeadh pobail atá i gceist i gcás 61%, dlúth-theagmháil atá i gceist i gcás 36%, agus taisteal thar lear atá i gceist i gcás 3%

CRÍOCH