Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Domhnaigh an 13 Meán Fómhair 2020
- Foilsithe: 13 Meán Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 15 Meán Fómhair 2020
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil duine amháin le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 1,784 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Amhail meán oíche Dé Sathairn an 12 Meán Fómhair, cuireadh 255 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 30,985 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
De na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
- Is fir iad 129 / is mná iad 123 díobh
- Tá 68% faoi bhun 45 bliana d’aois
- Deimhnítear go bhfuil baint ag 34% le ráigeanna nó gur dlúth-theagmhálacha iad le cás deimhnithe
- Aithníodh 69 cás mar thras-seoladh pobail
- 156 i mBaile Átha Cliath, 22 i bPort Láirge, 13 i nDún na nGall, 11 i gCill Mhantáin, 9 i Luimneach, 8 i gCill Dara, 5 sa Chlár agus tá na 31 cás eile i gCeatharlach, Corcaigh, Gaillimh, Ciarraí, Laois, Longfort, Lú, Maigh Eo, an Mhí, Uíbh Fhailí, Tiobraid Árann, an Iarmhí agus Loch Garman.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH