English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Domhnaigh an 19 Lúil 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 19 Iúil 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.

Tá 1,753 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.

Amhail meán oíche Dé Sathairn an 18 Iúil, cuireadh 10 gcás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 25,760 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

Dúirt an Dr Ronan Glynn, Príomhoifigeach Leighis Gníomhach, an Roinn Sláinte:

“D'fhéadfadh COVID-19 teacht ar ais inár bpobail má bhíonn muid réchúiseach. De réir mar a thagann dlús faoin bpaindéim ar fud an domhain, caithfimid fanacht ar an airdeall anseo in Éirinn. Gach lá, inár ngníomhartha aonair, tá sé de chumhacht againn scaipeadh an víris seo a theorannú. Is é an tosaíocht atá againn agus muid ag bogadh ar aghaidh ná scoileanna a athoscailt agus seirbhísí cúram sláinte neamh-COVID-19 a atosú - agus gach uair a fhanann muid 2 mhéadar amach óna chéile, a nímid ár lámha, a gcleachtaimid dea-bhéasa riospráide agus a úsáidimid clúdach aghaidhe, táimid ag obair i dtreo na gcomhspriocanna sin le chéile. "

CRÍOCH