English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Domhnaigh an 2 Feabhra

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 2 Feabhra 2020
  • An t-eolas is déanaí: 3 Feabhra 2020

Tá ardphleananna i bhfeidhm ag Éirinn mar chuid dá socruithe cuimsitheacha ullmhachta le haghaidh dul i ngleic le héigeandálaí sláinte poiblí amhail Coróinvíreas nua (2019-nCoV).

A bhuí leis na pleananna sin, d’éirigh linn freagairt do theagmhais roimhe seo amhail fliú paindéimeach, géarshiondróm trom riospráide (SARS) agus siondróm riospráide an Mheánoirthir (MERS).

Tá Éire in áit mhaith chun aon chás a d’fhéadfadh teacht chun cinn anseo i leith an Choróinvíris nua (2019-nCoV) a bhrath agus chun freagairt d’aon chás den sórt sin.

Ní raibh aon chásanna deimhnithe Coróinvíris ann in Éirinn go dtí seo.

Tiocfaidh an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le chéile an athuair sa Roinn Sláinte Dé Máirt an 4 Feabhra chun leanúint le hathbhreithniú a dhéanamh ar ullmhacht leanúnach na hÉireann ar aon dul leis an gcomhairle ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú.

Nótaí don Eagarthóir

Ní sholáthrófar aon fhaisnéis faoi theagmhais aonair inar cuireadh na pleananna seo i mbun feidhme ná faoi aon chásanna a bhaineann leis an gCoróinvíreas nua (2019-nCoV), seachas cásanna deimhnithe.

Cuirtear an fhaisnéis is déanaí faoin gCoróinvíreas nua (2019-nCoV) le suíomh Gréasáin an Ionaid Faireachais um Chosaint Sláinte gach lá ag 13.00. Tabhair cuairt ar HPSC.ie

CRÍOCH