English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Domhnaigh an 21 Feabhra 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 21 Feabhra 2021
  • An t-eolas is déanaí: 22 Feabhra 2021

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil duine amháin le COVID-19 tar éis bás a fháil.

4,136 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche, Dé Sathairn an 20 Feabhra, cuireadh 679 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 215,057 cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 335 / is mná iad 342 díobh
  • Tá 71% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • 32 aois airmheánach na ndaoine
  • 230 i mBaile Átha Cliath, 59 i Luimneach, 48 i nGaillimh, 47 i gCill Dara, 29 i dTiobraid Árann agus tá na 266 cás eile scaipthe ar fud 19 gcontae eile.*

Amhail 8am inniu, tá 744 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 148 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 45 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Amhail an 18 Feabhra, bhí 326,475 dáileog de vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:

  • Bhí a gcéad dáileog faighte ag 205,955 duine
  • Bhí a dara dáileog faighte ag 120,520 duine

Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte;

“Cé go bhfuil leibhéal an ghalair sa phobal an-ard i gcónaí, táimid ag déanamh dul chun cinn i gcónaí.

“Tuairiscíodh níos lú ná 1,000 cás gach lá an tseachtain seo agus tá ár meánráta 7 lá tite ó 1,022 coicís ó shin, go dtí 862 an tseachtain seo caite agus go dtí 792 inniu. Thit líon na ndaoine san ospidéal ó os cionn 1,200 coicís ó shin, go dtí 744 inniu.

“Ná déan beag is fiú de chumhacht do ghníomhartha agus muid ag iarraidh an méid atá bainte amach againn a chosaint agus scaipeadh an víris a laghdú tuilleadh. An tseachtain seo, lean ort ag obair ón mbaile mura bhfuil sé riachtanach agus ná tabhair cuairt ar theaghlaigh eile mura bhfuil géarghá leis nó mura bhfuil tú mar chuid de bholgán tacaíochta."

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.

CRÍOCH

  • Ba cheart sonraí contae a mheas go sealadach toisc gur córas dinimiciúil é an Córas Ríomhaireachta Idirnáisiúnta um Ghalair Thógálacha (CIDR) agus tá sonraí cáis á mbailíochtú agus á nuashonrú i gcónaí.

Cásanna an lae inniu, meán gluaiseachta 5 lá de chásanna nua, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 20 Feabhra 2021) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)

Contae Cásanna an lae inniu (go meán oíche 20 Feabh 2021) Meán gluaiseachta 5 lá (go meán oíche 20 Feabh 2021) Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (07 Feabh 2021 go 20 Feabh 2021) Cásanna Nua le 14 lá anuas (07 Feabh 2021 go 20 Feabh 2021)
Éire 679 795 243.0 11,570
Uíbh Fháilí 25 25 431.0 336
Baile Átha Cliath 230 297 343.4 4,627
Gaillimh 48 60 330.9 854
Muineachán 12 13 329.1 202
Laois 13 20 297.5 252
17 23 286.3 369
Cill Dara 47 50 270.1 601
An Cabhán 15 12 266.5 203
Port Láirge 23 23 265.1 308
An Longfort <5 12 264.2 108
Luimneach 59 44 258.1 503
Maigh Eo 22 26 252.9 330
An Mhí 17 33 249.7 487
Ceatharlach 9 7 249.4 142
An Iarmhí 14 15 238.8 212
Tiobraid Árann 29 28 188.7 301
Loch Garman <5 10 171.0 256
Liatroim 0 3 152.9 49
Dún na nGall 26 20 150.8 240
An Clár 21 14 147.3 175
Cill Mhantáin 8 11 117.3 167
Cill Chainnigh 15 8 107.8 107
Ros Comáin 0 4 105.4 68
Sligeach <5 3 103.8 68
Corcaigh 13 31 97.6 530.
Ciarraí 7 3 50.8 75

~Soláthraíonn an meán gluaiseachta 5 lá de líon na gcásanna nua táscaire iomchuí ar líon na gcásanna laethúla reatha laistigh de chontae. Áirítear aon bhailíochtú cásanna a tharla sna laethanta roimhe seo agus réitíonn sé luaineachtaí laethúla/deireadh seachtaine i líon na gcásanna.