Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Domhnaigh an 21 Márta 2021
- Foilsithe: 21 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 23 Márta 2021
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil beirt le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Bhásaidh siad sin beirt i mí an Mhárta.
4,587 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
Amhail meán oíche, Dé Sathairn an 20 Márta, cuireadh 769* cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 230,599 cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
- Is fir iad 381 / is mná iad 378 díobh
- Tá 75% faoi bhun 45 bliain d’aois
- 32 aois airmheánach na ndaoine
- 284 i mBaile Átha Cliath, 67 i nDún na nGall, 47 in Uíbh Fhailí, 45 sa Mhí, 44 i gCill Dara, agus tá na 282 cás eile scaipthe ar fud 20 contae eile. **
Amhail 8am inniu, tá 360 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 82 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 19 duine san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail an 14 Márta, bhí 654,251 dáileog de vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:
- Bhí a gcéad dáileog faighte ag 478,725 duine
- Bhí a dara dáileog faighte ag 175,526 duine
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
CRÍOCH
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC, dí-fhógraíodh cás amháin deimhnithe. Léiríonn an figiúr 230,599 é seo.
**Ba cheart sonraí contae a mheas go amhail is gur sonraí sealadacha iad toisc gur córas dinimiciúil é an Córas Ríomhairithe náisiúnta um Ghalair Thógálacha a Thuairisciú (CIDR) agus tá sonraí cáis á mbailíochtú agus á nuashonrú i gcónaí.
Cásanna an lae inniu, meán gluaiseachta 5 lá de chásanna nua, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 20 Márta 2021) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)
Contae | Cásanna an lae inniu** (go meán oíche 20 Márta 2021) | Meán Gluaiseachta 5 lá de Chásanna Nua~ | Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (go 20 Márta 2021) | Cásanna Nua le 14 lá anuas (go 20 Márta 2021) |
Éire | 769 | 587 | 155.3 | 7395 |
Uíbh Fháilí | 47 | 26 | 410.5 | 320 |
An Longfort | 14 | 9 | 296 | 121 |
Cill Dara | 44 | 37 | 249 | 554 |
Baile Átha Cliath | 284 | 251 | 229.2 | 3,088 |
An Mhí | 45 | 32 | 215.3 | 420 |
Dún na nGall | 67 | 30 | 211.7 | 337 |
Ros Comáin | 18 | 10 | 154.9 | 100 |
Ceatharlach | 5 | 6 | 147.5 | 84 |
Port Láirge | 32 | 17 | 145.5 | 169 |
Tiobraid Árann | 30 | 20 | 141 | 225 |
An Iarmhí | 17 | 10 | 138.6 | 123 |
Gaillimh | 26 | 28 | 135.2 | 349 |
Lú | 10 | 11 | 134.2 | 173 |
Loch Garman | 20 | 19 | 122.2 | 183 |
Luimneach | 36 | 15 | 121.1 | 236 |
Sligeach | 9 | 6 | 100.7 | 66 |
Cill Mhantáin | 8 | 9 | 91.3 | 130 |
An Cabhán | <5 | 7 | 85.3 | 65 |
Laois | 10 | 8 | 85 | 72 |
Maigh Eo | 6 | 4 | 72 | 94 |
Muineachán | 0 | 2 | 70 | 43 |
An Clár | 6 | 5 | 53.9 | 64 |
Ciarraí | 6 | 6 | 52.8 | 78 |
Corcaigh | 18 | 15 | 46.6 | 253 |
Liatroim | <5 | 1 | 37.4 | 12 |
Cill Chainnigh | 6 | 3 | 36.3 | 36 |
~Soláthraíonn an meán gluaiseachta 5 lá de líon na gcásanna nua táscaire iomchuí ar líon na gcásanna laethúla reatha laistigh de chontae. Áirítear aon bhailíochtú cásanna a tharla sna laethanta roimhe seo agus réitíonn sé luaineachtaí laethúla/deireadh seachtaine i líon na gcásanna.
- Minicíocht 7 lá 81
- Meán gluaisteacha 5 lá 587