English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Domhnaigh an 22 Márta

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 22 Márta 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Tugadh fógra don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil othar in Éirinn ar diagnóisíodh go raibh COVID-19 air tar éis bás a fháil. Chónaigh an t-othar, a bhí ina fhear, in oirthear na tíre agus bhí bunriocht leighis air.

Tá ceithre bhás a bhaineann le COVID-19 ann in Éirinn anois.

Tugadh fógra don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte faoi 121 chás dheimhnithe nua de COVID-19 amhail 1pm Dé Domhnaigh an 22 Márta in Éirinn freisin.

Tá 906 chás dheimhnithe de COVID-19 ann in Éirinn anois.

Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ag obair anois chun aon daoine a bhféadfadh go raibh na hothair i dteagmháil leo a shainaithint chun faisnéis agus comhairle a thabhairt dóibh ar mhaithe le tuilleadh leata a chosc.

Nochtar an méid seo a leanas sna sonraí ón Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu, mar a bhí an scéal ag meán oíche, Dé hAoine an 20 Márta (712 chás):

  • de na 712 chás ar tugadh fógra fúthu, baineann 55% le fir agus baineann 44% le mná, agus 35 bhraisle ann lena mbaineann 190 cás
  • is é aois airmheánach na gcásanna deimhnithe ná 44 bliana d’aois
  • cuireadh 211 chás (30%) san ospidéal
  • de na daoine sin a cuireadh san ospidéal, ligeadh 17 gcás isteach san Aonad Dianchúraim
  • baineann 159 gcás (22%) le hoibrithe cúram sláinte
  • ba i mBaile Átha Cliath a chonacthas an líon ab airde cásanna, agus é cothrom le 402 chás (56% de na cásanna uile). Ba i gCorcaigh a chonacthas an dara líon ab airde cásanna, agus é cothrom le 101 chás (14%)
  • tá cás deimhnithe COVID-19 amháin ar a laghad ann i ngach contae in Éirinn anois

Maidir leis na cásanna sin a bhfuil a stádas tarchuir ar eolas:

  • tá tarchur pobail freagrach as 44% díobh
  • tá dlúth-theagmháil freagrach as 23% díobh
  • tá taisteal thar lear freagrach as 33% díobh

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:

"Ba mhaith liom mo chomhbhrón a dhéanamh le teaghlach agus cairde an othair a fuair bás inniu.

"Is é is dóichí go raibh na cásanna a deimhníodh inniu neamhchosanta ar COVID-19 sular tugadh isteach na bearta sláinte poiblí a cuireadh chun feidhme Dé hAoine an 13 Márta.

"Tá sé ríthábhachtach go gcloíonn gach duine leis an gcomhairle sláinte poiblí maidir le sláinteachas láimhe agus casachta, agus iad ag obair ón mbaile nuair is féidir agus ag cloí le scaradh sóisialta dhá mhéadar ar fad.

"Tá na dochtúirí sláinte poiblí atá ag déanamh rianú teagmhála ag cur in iúl go bhfuil líon níos lú teagmhálacha á dtuairisciú ag cásanna deimhnithe anois. Is dea-léiriú é sin go bhfuil daoine ag cloí leis an treoir sláinte poiblí.

"Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair atá á déanamh ag gach duine chun cloí leis an gcomhairle sláinte poiblí. Tá gach duine díobh ag cabhrú leis an gcuar a leacú agus le leathadh COVID-19 a shrianadh.

"Ba cheart d'aon duine atá ag fanacht le tástáil gníomhú amhail is dá mbeadh an víreas orthu agus ba cheart dóibh féinleithlisiú lom láithreach agus iad ag fanacht le tástáil agus leis na torthaí."

CRÍOCH


Staitisticí ospidéil

An líon iomlán cásanna 712
An líon iomlán daoine a cuireadh san ospidéal 211
An líon iomlán daoine a ligeadh isteach san Aonad Dianchúraim 17
An líon iomlán básanna 4
An ráta báis i measc na gcásanna 0.6
An líon iomlán oibrithe cúram sláinte 159
An líon braislí ar tugadh fógra fúthu 35
Aois airmheánach 44
  • Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé hAoine an 20 Márta.

Inscne na n-othar

Inscne Líon % den Iomlán
Mná 311 44
Fir 393 55
Níl an inscne ar eolas 8 1
Iomlán 712
  • Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé hAoine an 20 Márta.

An t-aoisraon a ndeachthas i bhfeidhm air

Aoisghrúpa Líon % den Iomlán
<1 3 0
1 - 4 2 0
5 - 14 12 2
15 - 24 63 9
25 - 34 127 18
35 - 44 149 21
45 - 54 132 19
55 - 64 101 15
65+ 122 17
Níl an aois ar eolas 1 0
Iomlán 712
  • Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé hAoine an 20 Márta.

Conas a bhíonn COVID-19 á leathadh

Tarchur pobail 44%
Dlúth-theagmháil le cás deimhnithe 23%
Taisteal thar lear 33%
Tá an cás fós á imscrúdú 258
  • Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé hAoine an 20 Márta.

Tabhair faoi deara:

I gcás go dtaispeánfaidh toradh tástála go bhfuil COVID-19 ar dhuine agus nach raibh an duine sin thar lear nó nach raibh aon teagmháil aige/aici le cás deimhnithe eile in Éirinn, cuirfear an cás i leith tarchur pobail.

I gcás go dtaispeánfaidh toradh tástála go bhfuil COVID-19 ar dhuine agus go mbeifear in ann é sin a nascadh le cás deimhnithe eile in Éirinn, cuirfear an cás i leith tarchur áitiúil.


Oibrithe cúram sláinte

Baineann an cás leis an taisteal 42 26%
Ní bhaineann an cás le haon taisteal thar lear 106 67%
Tá an cás fós á imscrúdú 11 7%
Iomlán 159
  • Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé hAoine an 20 Márta.

Cásanna a cuireadh san ospidéal de réir aoisghrúpa

<5 2 1%
5 - 14 2 1%
15 - 24 13 6%
25 - 34 27 13%
35 - 44 22 10%
45 - 54 40 18%
55 - 64 34 16%
65+ 71 34%
  • Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé hAoine an 20 Márta.

Cásanna de réir contae

Ceatharlach ≤5 0.4%
An Cabhán ≤5 1%
An Clár 7 1%
Corcaigh 101 14%
Dún na nGall ≤5 1%
Baile Átha Cliath 402 57%
Gaillimh 25 4%
Ciarraí 9 1%
Cill Dara 20 3%
Cill Chainnigh 11 2%
Laois 6 1%
Liatroim ≤5 0%
Luimneach 15 2%
An Longford ≤5 1%
11 2%
Maigh Eo ≤5 0%
An Mhí 11 2%
Muineachán ≤5 0%
Uíbh Fhailí 9 1%
Ros Comáin ≤5 0%
Sligeach ≤5 1%
Tiobraid Árann 8 1%
Port Láirge 9 1%
An Iarmhí 16 2%
Loch Garman ≤5 0%
Cill Mhantáin 22 3%
  • Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé hAoine an 20 Márta.

Ciallaíonn ≤ 'níos lú ná nó cothrom le'.