Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Domhnaigh, an 26 Aibreán 2020
- Foilsithe: 26 Aibreán 2020
- An t-eolas is déanaí: 26 Aibreán 2020
Inniu, cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte (HPSC) gur bhásaigh 26 duine de thoradh COVID-19, agus bhí 23 de na cásanna sin deimhnithe sa tsaotharlann.
Tá 1,087* duine ar fad tar éis bháis de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Ag 1pm, Dé Domhnaigh, an 26 Aibreán, bhí 701 cás deimhnithe nua de COVID-19 curtha in iúl do HPSC. Tá 19,262 cás deimhnithe ar fad de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálaithe a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint agus faisnéis agus comhairle a chur orthu chun scaipeadh an víris a chosc.
Tugtar an méid seo a leanas le fios i sonraí an lae inniu ó HPSC, go dtí meán oíche, Dé hAoine, an 24 Aibreán (18,431 cás):
- is mná iad 57% agus is fir iad 42%
- is é 49 bliain d’aois an aois airmheánach
- tá 2,576 cás (14%) curtha san ospidéal
- as measc na ndaoine a cuireadh san ospidéal, cuireadh cóir leighis ar 349 cás san aonad dianchúraim
- baineann 5,064 cás le hoibrithe cúraim sláinte
- is i mBaile Átha Cliath atá an líon is mó cásanna - 9,224 (50% de gach cás), agus is í Corcaigh atá sa dara háit ar an liosta, áit a bhfuil 1,110 cás (6%)
- maidir leis na cásanna a bhfuil a stádas scaipthe ar eolas: scaipeadh pobail atá i gceist i gcás 63%, dlúth-theagmháil atá i gceist i gcás 33%, agus taisteal thar lear atá i gceist i gcás 4%
CRÍOCH
Nótaí do na heagarthóirí:
- Bhí bailíochtú sonraí in HPSC mar bhonn le 2 bhás a bheith á ndífhógairt. Tá sé seo curtha san áireamh i líon na mbásanna - 1,087 bás.