Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Domhnaigh an 27 Meán Fómhair 2020
- Foilsithe: 27 Meán Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 29 Meán Fómhair 2020
Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Tá 1,802 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn.
Amhail meán oíche Dé Sathairn an 26 Meán Fómhair, cuireadh 430 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 34,990 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
De na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
- is fir iad 222 agus is mná iad 208 díobh
- tá 72% faoi bhun 45 bliain d’aois
- deimhnítear go bhfuil baint ag 40% le ráigeanna nó gur dlúth-theagmhálacha iad le cás deimhnithe
- aithníodh 59 cás mar thras-seoladh pobail
- tá 212 cás i mBaile Átha Cliath, 54 i gCorcaigh, 23 i nDún na nGall, 23 i nGaillimh, 16 i Lú, 15 i Muineachán, 12 sa Chlár, 12 sa Mhí, 9 sa Chabhán, 8 i Ros Comáin, 7 i gCill Mhantáin, 6 i Luimneach , 5 i gCill Dara, 5 i dTiobraid Árann agus na 23 cás eile i 9 gcontae
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
Dúirt an Dr Ronan Glynn, Príomhoifigeach Gníomhach Leighis, an Roinn Sláinte:
"An tseachtain seo, iarraim ar gach teaghlach ar fud na tíre suí le chéile tráthnóna inniu agus plean a dhéanamh chun líon na ndaoine a mbuaileann tú leo a laghdú.
"Ní mór dúinn a bheith an-dáiríre faoi seo. Mura ndéanann gach duine, teaghlach, ionad oibre agus eagraíocht a gcuid féin rachaidh an galar seo in olcas.
"Dóibh siúd i nDún na nGall agus i mBaile Átha Cliath, is í comhairle an Rialtais a bheith ag obair ón mbaile mura bhfuil sé riachtanach freastal go pearsanta. Maidir le daoine atá ina gcónaí sna contaetha sin agus i ngach contae eile, glac leis go bhfuil COVID-19 ag scaipeadh i do phobal agus gníomhaigh dá réir."
CRÍOCH