Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Domhnaigh, an 31 Bealtaine 2020
- Foilsithe: 31 Bealtaine 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
nniu, cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte gur bhásaigh 2 dhuine de thoradh COVID-19.
Tá 1,652* duine ar fad tar éis bháis de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Ag meán oíche, Dé Sathairn, an 30 Bealtaine, bhí 66 cás deimhnithe de COVID-19 curtha in iúl do HPSC. Tá 24,990 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálaithe a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint agus faisnéis agus comhairle a chur orthu chun scaipeadh an víris a chosc.
Tugtar an méid seo a leanas le fios i sonraí an lae inniu ó HPSC, go dtí meán oíche, Dé hAoine, an 29 Bealtaine (24,924 cás):
- Is mná iad 57% agus is fir iad 43%
- Is é 48 bliain d’aois aois airmheánach na gcásanna deimhnithe
- Tá 3,283 cás (13%) curtha san ospidéal
- As measc na ndaoine a cuireadh san ospidéal, cuireadh cóir leighis ar 408 cás san aonad dianchúraim
- Baineann 7,963 cás le hoibrithe cúraim sláinte
- Is i mBaile Átha Cliath atá an líon is mó cásanna - 12,042 (48% de gach cás), agus is í Corcaigh atá sa dara háit ar an liosta, áit a bhfuil 1,477 cás (6%), agus is í Cill Dara atá sa tríú háit ar an liosta, áit a bhfuil 1,416 cás (6%)
- Maidir leis na cásanna a bhfuil a stádas scaipthe ar eolas: scaipeadh pobail atá i gceist i gcás 39%, dlúth-theagmháil atá i gceist i gcás 58%, agus taisteal thar lear atá i gceist i gcás 2%
CRÍOCH
- Bhí bailíochtú sonraí in HPSC mar bhonn le 1 bhás a bheith á dhífhógairt. Tá sé seo curtha san áireamh i líon na mbásanna - 1,652 bás.