English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Domhnaigh an 7 Feabhra 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 7 Feabhra 2021
  • An t-eolas is déanaí: 8 Feabhra 2021

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil dhá dhuine dhéag le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Bhain na básanna sin go léir le mí Feabhra.

76 aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh agus 60-90 an raon aoise.

3,686 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche, Dé Sathairn an 6 Feabhra, cuireadh 1,024 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 203,568* cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.

(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 4 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 203,568 cás deimhnithe é seo.)

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • is fir iad 490 agus is mná iad 533 díobh
  • tá 65% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • 35 aois airmheánach na ndaoine
  • tá 380 i mBaile Átha Cliath, 70 sa Mhí, 63 i gCorcaigh, 55 i nGaillimh, 48 i Luimneach agus tá an 408 cás eile scaipthe ar fud na gcontaetha eile go léir

Amhail 2pm inniu, tá 1,204 othar a bhfuil COVID-19 orthu san ospidéal, agus tá 178 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 35 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH