Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Domhnaigh an 7 Márta 2021
- Foilsithe: 7 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil triúr le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Bhásaigh duine amháin i mí an Mhárta agus duine amháin i mí Eanáir. Tá an dáta a bhaineann le bás amháin fós á fhiosrú.
4,422 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
Amhail meán oíche, Dé Sathairn an 6 Márta, cuireadh 525 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 223,219* cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.
(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 5 cás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 223,219 cás deimhnithe é seo.)
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
- is fir iad 271 agus is mná iad 254 díobh
- tá 74% faoi bhun 45 bliana d’aois
- 31 aois airmheánach na ndaoine
- 214 i mBaile Átha Cliath, 37 sa Mhí, 28 in Uíbh Fhailí, 28 i Luimneach agus 25 i gCill Mhantáin agus tá na 193 cás eile scaipthe ar fud 19 contae eile
Amhail 8am inniu, tá 423 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 103 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 14 duine in ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail an 4 Márta, bhí 493,873 dáileog de vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:
- bhí a gcéad dáileog faighte ag 346,256 duine
- bhí a dara dáileog faighte ag 147,617 duine
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
- minicíocht 7 lá 76.6
- meán gluaiseachta 5 lá 520