English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Domhnaigh, an 8 Samhain 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 8 Samhain 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Inniu, cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte gur bhásaigh 2 dhuine de thoradh COVID-19.

Tá 1,947 duine ar fad tar éis bháis de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.

Ag meán oíche, Dé Sathairn, an 7 Samhain, bhí 542 cás deimhnithe de COVID-19 curtha in iúl do HPSC. Tá 65,394* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

(*Bhí bailíochtú sonraí in HPSC mar bhonn le 3 chás deimhnithe a bheith á ndífhógairt. Tá sé seo curtha san áireamh i líon na gcásanna deimhnithe - 65,394 cás deimhnithe.)

Sonraí na gcásanna a fógraíodh inniu:

  • 277 fear / 264 bean
  • tá 64% faoi 45 bliain d’aois
  • is é 35 bliain d’aois an aois airmheánach
  • 181 i mBaile Átha Cliath, 59 i nDún na nGall, 50 i Luimneach, 36 i gCorcaigh, 25 i gCill Dara, agus tá an 191 cás fágtha scaipthe i measc 20 contae eile

Ag 2pm inniu, tá 283 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 39 díobh sin san Aonad Dianchúraim. Tá 13 n-othar bhreise curtha chuig an ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Soláthraítear faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal ar Dheais COVID-19.

CRÍOCH