English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé hAoine 21 Eanáir 2022

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 21 Eanáir 2022
  • An t-eolas is déanaí: 24 Eanáir 2022

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu faoi 6,597* cás dearbhaithe de COVID-19.

Ina theannta san, ar an Déardaoin 20 Eanáir, chláraigh 4,564** duine toradh antaigine dearfach trí thairseach FSS.

Amhail 8rn inniu, tá 892 othar a bhfuil COVID-19 orthu san ospidéal, a bhfuil 88 acusan in Aonad Dianchúraim.


Nótaí

Tá Staitisticí ar vacsaíní teanndáileoige ar fáil anois ar an mol sonraí COVID-19.



I bhfianaise na minicíochta ard atá ann faoi láthair, tá líon na gcásanna laethúla bunaithe ar thorthaí dearfacha SARS-CoV-2 a uaslódáladh chuig Rianaire Cúraim COVID FSS an lá roimhe sin. Tá na sonraí seo sealadach. Leanfaidh an HPSC agus comhpháirtithe faireachais ar aghaidh ag tabhairt fógra agus ag próiseáil cásanna agus ráigeanna de COVID-19 ar CIDR le linn na tréimhse seo.

**Tá na sonraí seo sealadach agus ní féidir iad a chur i gcomparáid go díreach le cásanna SARS-CoV-2 arna ndeimhniú ag PCR saotharlainne arna gclárú trí Rianaire Cúraim Covid FSS. Mol sonraí COVID-19.