Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé hAoine 26 Samhain 2021
- Foilsithe: 26 Samhain 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu faoi 4,620* cás dearbhaithe de COVID-19.
Amhail 8rn inniu, tá 571 othar a bhfuil COVID-19 orthu san ospidéal, a bhfuil 118 acu in Aonad Dianchúraim.
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR
Ní bhíonn tionchar ag éagsúlacht ó lá go lá ar líon na gcásanna COVID-19 a dtuairiscítear ar anailís ar threochtaí lárnacha. Réitíonn anailísiú thar thréimhse ama níos faide mar sheachtain nó 14 lá, aon éagsúlachtaí a thugtar isteach le hamanta próiseála, agus soláthraíonn sé léargas níos seasmhaí den treocht.
Beidh líon na bhfógraí ar CIDR difriúil ó fhoinsí sonraí FSS eile, cosúil le torthaí dearfacha SARS-CoV-2 a uaslódáiltear chuig an Rianaire Cúraim COVID, ar chúiseanna éagsúla lena n-áirítear:
- Dídhúbláil d’aththástálacha dearfacha sa duine céanna
- Sceidil uaslódála difriúla ag na saotharlanna chuig CCT agus CIDR – is próiseas níos láimhe é uaslódáil thaifid dhearfacha ar CIDR ag saotharlanna ná iad a uaslódáil chuig CCT. Is gnách go ndéantar uaslódáil chuig CIDR ar an lá nó laistigh de lá amháin ó údarú toradh na tástála saotharlainne
- An t-am a theastaíonn chun an modh dhá chéim chun fógraí ar CIDR a phróiseáil – tarlaíonn sé seo de ghnáth ar an lá nó laistigh de lá amháin de shaotharlanna ag uaslódáil taifid dhearfacha ar CIDR
D’fhéadfadh líon na gcásanna laethúla athrú mar gheall ar bhailíochtú sonraí sa todhchaí.
Tá staitisticí ar fáil ar an Deais COVID-19