Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé hAoine 28 Eanáir 2022
- Foilsithe: 28 Eanáir 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu faoi 5,109 cás dearbhaithe de COVID-19 arna ndeimhniú ag PCR.
Ina theannta sin, ar an Máirt 27 Eanáir, chláraigh 4,482* duine tástáil antaigine dearfach trí thairseach FSS.
Amhail 8rn inniu, tá 707 othar a bhfuil COVID-19 orthu san ospidéal, a bhfuil 69 acusan in Aonad Dianchúraim.
Nótaí
Ón lá inniu, tuairisceoidh an Roinn Sláinte líon na gcásanna de COVID-19 ón Luan go hAoine amháin. Déanfar an chéad tuairisc eile de chásanna COVID-19 Dé Luain an 31 Eanáir. Cuirfear figiúirí deireadh seachtaine san áireamh agus cásanna á dtuairisciú Dé Luain. Leanfar le faisnéis ospidéil laethúil agus faisnéis aonad dianchúraim a nuashonrú ar Mhol Sonraí COVID-19 mar is gnách ar an Satharn agus Domhnach.
Tá staitisticí ar vacsaíní teanndáileoige ar fáil anois ar an mol sonraí COVID-19.
I bhfianaise na minicíochta ard atá ann faoi láthair, tá líon na gcásanna laethúla bunaithe ar thorthaí dearfacha SARS-CoV-2 a uaslódáladh chuig Rianaire Cúraim COVID FSS an lá roimhe sin. Tá na sonraí seo sealadach. Leanfaidh an HPSC agus comhpháirtithe leasmhara ar aghaidh ag tabhairt fógra agus ag próiseáil cásanna agus ráigeanna de COVID-19 ar CIDR le linn na tréimhse seo.
- Tá na sonraí seo sealadach agus ní féidir iad a chur i gcomparáid go díreach le cásanna SARS-CoV-2 arna ndeimhniú ag PCR saotharlainne arna gclárú trí mhol sonraí Rianaire Cúraim Covid FSS.