English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé hAoine an 04 Meán Fómhair 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 4 Meán Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.

Tá 1,777 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.

Amhail meán oíche Déardaoin an 3 Meán Fómhair, cuireadh 98 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 29,303* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

De na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • is fir iad 48 agus is mná iad 50 díobh
  • tá 66% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • deimhnítear go bhfuil baint ag 42% le ráigeanna nó gur dlúth-theagmhálacha iad le cás deimhnithe
  • aithníodh 9 cás mar thras-seoladh pobail
  • 24 i mBaile Átha Cliath, 13 i gCill Dara, 8 i gCiarraí, 6 i gCill Chainnigh, 6 i Luimneach, 6 i Lú, 5 i dTiobraid Árann agus tá na 30 cás eile i gCeatharlach, An Clár, Corcaigh, Gaillimh, Laois, Liatroim, an Longfort, an Mhí, Muineachán, Uíbh Fhailí, Port Láirge agus Loch Garman

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

Dúirt an Dr Ronan Glynn, Príomhoifigeach Gníomhach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Agus muid ag druidim le deireadh seachtaine eile, cuimhnigh scaradh fisiceach a choinneáil i gcónaí. Ná bíodh níos mó ná 6 cuairteoir i do theach agus coinnigh 2m eadraibh. Oscail fuinneoga agus coinnigh seomraí aeráilte go maith más féidir.

"Tá sé tábhachtach go gcoinneoimid go léir líon na dteagmhálacha sóisialta íseal agus muid ag díriú ar ár scoileanna a choinneáil slán, leanúint ar aghaidh le seirbhísí cúram sláinte a atosú agus ar deireadh thiar na daoine is leochailí a chosaint ó COVID-19."

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh cás amháin. Léiríonn an figiúr 29,303 é seo.