Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé hAoine an 10 Aibreán
- Foilsithe: 10 Aibreán 2020
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2021
Tugadh fógra don Lárionad Faire um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 25 othar in Éirinn ar diagnóisíodh go raibh COVID-19 orthu tar éis bás a fháil.
As na 25 bás:
- 82 an aois airmheánach
- 70 an meánaois (is féidir an difríocht idir an aois airmheánach agus an meánaois a mhíniú de réir raon aoise leathan na mbásanna - atá idir 32 agus 105)
- bhí 11 bean agus 14 fear san áireamh sna daoine
- bhí fadhb eile sláinte ag 16 as 28 díobh sin
Tá 287 básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
480 cás nua de COVID-19 deimhnithe in Éirinn. Tá 7,054 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Leis na torthaí tástála a seoladh chuig an nGearmáin le haghaidh tástála (a bhaineann le cásanna níos sine) is ionann figiúr iomlán na ndaoine a ndearnadh diagnóis orthu le COVID-19 in Éirinn anois agus 8,089.
Tháinig an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le chéile inniu (Dé hAoine an 10 Aibreán) agus rinne siad na moltaí seo a leanas, ar ghlac an rialtas leo ó shin:
- síneadh na bearta go dtí meán oíche, Dé Luain an 4 Bealtaine 2020, go dtí go ndéanfaidh an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí athbhreithniú breise
- leanfaidh NPHET ag déanamh maoirseachta ar imscaradh beart sláinte poiblí chun aghaidh a thabhairt ar ráigeanna agus cnuasaigh i suíomhanna cúram sláinte cónaithe agus ospidéil
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Táimid ag pointe an-íogair agus criticiúil inár bhfreagra ar an ngalar seo. Cé gur éirigh le bearta go dtí seo an scaipeadh a laghdú, tá COVID-19 fós ina riosca do mhuintir na hÉireann.
“Tá a fhios againn cé chomh mór is atá na bearta atá i bhfeidhm ar dhaoine aonair, ar theaghlaigh, ar chairde, mar sin caithfear a bheith dáiríre faoi na moltaí agus tá gá leo ag an am seo.
“Táimid ag iarraidh ort fanacht sa bhaile arís, fanacht óna chéile, na treoirlínte a leanúint agus scaipeadh COVID-19 a theorannú."
Dúirt an Dr. Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil, FSS:
“Tá an ráta ionfhabhtaithe i dtithe altranais níos airde ná mar atá sa phobal, agus laistigh de thithe altranais tá cion níos airde daoine leis an ionfhabhtú.
“Tá FSS ag obair chun tacú le saoráidí cúraim chónaithe trí chomhairle a thabhairt maidir le cosc agus rialú ionfhabhtaithe, tacaíocht foirne agus sainchomhairle chliniciúil.
“Chuir an ECDC béim ar bhearta rialaithe ionfhabhtaithe chun daonraí leochaileacha i dtithe altranais a chosaint, atá á leanúint in Éirinn."
Miondealú ar na 287 bás COVID-19 in Éirinn
- bhain 200 cás (70%) le timpeallacht ospidéil
- bhain 31 cás (10%) le hAonaid Dianchúraim
- bhí fadhbanna sláinte eile ag 242 (84%) cás
- bhí 175 fear agus 112 bean i gceist
- 82 an aois airmheánach
- 70 an meánaois (is féidir an difríocht idir an aois airmheánach agus an meánaois a mhíniú de réir raon aoise leathan na mbásanna - atá idir 32 agus 105)
Is féidir leat na sonraí is déanaí a fheiceáil ar Deais COVID-19 (Coróinvíreas).
Cásanna amhail Dé Céadaoin an 8 Aibreán 2020
Léiríonn sonraí an HPSC inniu, amhail meán oíche, Dé Céadaoin an 8 Aibreán (7,071 cás) – agus torthaí na Gearmáine a fuarthas go dtí sin san áireamh -
- is fir iad 45% díobh agus is mná 54% díobh, agus baineann 1,512 cás le 339 cnuasach
- 48 aois airmheánach na gcásanna deimhnithe
- cuireadh 1,631 cás (23%) san ospidéal
- díobh siúd a cuireadh san ospidéal, tógadh 244 cás isteach san ICU
- tá baint ag 1,949 cás le hoibrithe cúram sláinte
- tá an líon is mó cásanna i mBaile Átha Cliath le 3,873 cás, (55% de na cásanna go léir) agus i gCorcaigh ina dhiaidh sin le 503 cás (7%)
- díobh siúd a bhfuil a stádas tarchuir ar eolas: is ionann tarchur pobail agus 66%, is ionann dlúth-theagmháil agus 26%, is ionann taisteal thar lear agus 8%
CRÍOCH
Staitisticí ospidéil
Líon iomlán na gcásanna | 7071 |
Líon iomlán san ospidéal | 1631 |
Líon iomlán a tugadh isteach san ICU | 233 |
Líon iomlán na mbásanna | 283 |
Líon iomlán na n-oibrithe cúram sláinte | 1949 |
Líon na gcnuasach curtha in iúl | 333 |
Aois airmheánach | 48 |
- Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Céadaoin an 8 Aibreán.
Inscne na n-othar
Inscne | Líon | mar % den Iomlán |
Baineann | 3788 | 53.6 |
Fireann | 2923 | 45.4 |
Anaithnid | 72 | 1 |
Iomlán | 7071 |
- Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Céadaoin an 8 Aibreán.
Raon aoise lena mbaineann
Aoisghrúpa | Líon | mar % den Iomlán |
<1 | 16 | 0.2 |
1 - 4 | 20 | 0.3 |
5 - 14 | 45 | 0.6 |
15 - 24 | 423 | 6 |
25 - 34 | 1220 | 17.3 |
35 - 44 | 1304 | 18.4 |
45 - 54 | 1339 | 18.9 |
55 - 64 | 1015 | 14.4 |
65+ | 1670 | 23.6 |
Anaithnid | 19 | 0.3 |
- Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Céadaoin an 8 Aibreán.
An chaoi a bhfuil COVID-19 ag scaipeadh
Tarchur pobail | 66% |
Dlúth-theagmháil le cás deimhnithe | 25% |
Taisteal Thar Lear | 9% |
- Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Céadaoin an 8 Aibreán.
Tabhair ar aird:
Sa chás go bhfaigheann duine toradh deimhneach ar a dtástáil le haghaidh COVID-19 agus nach raibh sé/sí thar lear nó nach raibh teagmháil aige/aici le cás deimhnithe eile in Éirinn, tugtar tarchur pobail air sin.
Sa chás gur féidir duine toradh deimhneach do COVID-19 a nascadh le cás deimhnithe eile in Éirinn, tugtar tarchur logánta air sin.
Cásanna san ospidéal de réir aoisghrúpa
Aoisghrúpa | Líon na gcásanna | Céatadán den iomlán |
<5 | 10 | 0.6 |
5 - 14 | 4 | 0.2 |
15 - 24 | 39 | 2.4 |
25 - 34 | 115 | 7. 1 |
35 - 44 | 137 | 8.4 |
45 - 54 | 249 | 15.3 |
55 - 64 | 256 | 15.7 |
65+ | 819 | 50.2 |
Anaithnid | 2 | 0.1 |
- Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Céadaoin an 8 Aibreán.
Cásanna de réir contae
Ceatharlach | 19 | 0.3% |
An Cabhán | 151 | 2.1% |
An Clár | 69 | 1% |
Corcaigh | 503 | 7.1% |
Dún na nGall | 145 | 2.1% |
Baile Átha Cliath | 3873 | 54.8% |
Gaillimh | 160 | 2.3% |
Ciarraí | 145 | 2.1% |
Cill Dara | 290 | 4.1% |
Cill Chainnigh | 96 | 1.4% |
Laois | 49 | 0.7% |
Liatroim | 25 | 0.4% |
Luimneach | 186 | 2.6% |
Longfort | 41 | 0.6% |
Lú | 116 | 1.6% |
Maigh Eo | 153 | 2.2% |
An Mhí | 206 | 2.9% |
Muineachán | 63 | 1% |
Uíbh Fhailí | 88 | 1.2% |
Ros Comáin | 26 | 0.4% |
Sligeach | 31 | 0.4% |
Tiobraid Árann | 151 | 2.1% |
Port Láirge | 60 | 0.8% |
An Iarmhí | 152 | 2.1% |
Loch Garman | 30 | 0.4% |
Cill Mhantáin | 237 | 3.4% |
- Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Céadaoin an 8 Aibreán.
Ciallaíonn ≤ 'níos lú ná nó cothrom le'.