Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé hAoine an 10 Iúil 2020
- Foilsithe: 10 Iúil 2020
- An t-eolas is déanaí: 13 Iúil 2020
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil duine amháin le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 1,744 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Amhail meán oíche Déardaoin an 9 Iúil, cuireadh 25 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 25,589* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Príomhoifigeach Leighis Gníomhach, an Roinn Sláinte; “An deireadh seachtaine seo, tá deis againn go léir aclaíocht a dhéanamh, bualadh lena chéile agus taitneamh a bhaint as an saol ar bhealach sábháilte agus freagrach.
“Lean ar aghaidh ag cosaint a chéile trí chloí le comhairle sláinte poiblí agus spreagadh a thabhairt dá chéile roghanna sábháilte a dhéanamh agus muid ag obair le chéile chun scaipeadh COVID-19 a theorannú. Tá an méid sin go léir bainte amach againn trí dhlúthpháirtíocht le cúpla mí anuas, ní gá go mbeadh an iarracht sin in aisce.
“Lean comhairle sláinte poiblí le do thoil agus féach ar an Item was unpublished or removed mura bhfuil tú cinnte faoi do thimpeallacht nó do phleananna."
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh cás amháin. Léiríonn an figiúr 25,589 é seo.