Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé hAoine an 11 Feabhra 2022
- Foilsithe: 11 Feabhra 2022
- An t-eolas is déanaí: 15 Feabhra 2022
Cuireadh 6,618 cás deimhnithe-PCR COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Ina theannta sin, Déardaoin an 10 Feabhra, chláraigh 4,445* duine tástáil dheimhneach antaiginí trí thairseach FSS.
Amhail 8am inniu, tá 615 othar COVID-19 san ospidéal, a bhfuil 64 acusan san aonad dianchúraim.
Nótaí
I bhfianaise na minicíochta ard atá ann faoi láthair, tá líon na gcásanna laethúla bunaithe ar thorthaí dearfacha SARS-CoV-2 arna n-uaslódáil chuig Rianaire Cúraim COVID FSS an lá roimhe sin. Tá na sonraí seo sealadach. Leanfaidh HPSC agus comhpháirtithe faireachais ag tabhairt fógra agus próiseáil cásanna agus ráigeanna de COVID-19 ar CIDR thar an tréimhse seo.
- Is sonraí sealadacha iad na sonraí seo agus ní féidir iad a chur i gcomparáid go díreach le cásanna SARS-CoV-2 atá deimhnithe ag PCR sa tsaotharlann a cláraíodh trí Rianaire Cúraim Covid-19 FSS.