English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé hAoine an 11 Meán Fómhair 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 11 Meán Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil duine amháin le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Tá 1,781* san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.

Amhail meán oíche Déardaoin an 10 Meán Fómhair, cuireadh 211 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 30,571 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

De na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 100 / is mná iad 108 díobh
  • Tá 73% faoi bhun 45 bliain d’aois
  • Deimhnítear go bhfuil baint ag 28% le ráigeanna nó gur dlúth-theagmhálacha iad le cás deimhnithe
  • Aithníodh 42 cás mar thras-seoladh pobail
  • 121 i mBaile Átha Cliath, 17 i Lú, 10 i Luimneach, 8 i gCorcaigh, 7 san Iarmhí, 7 i gCill Mhantáin, 6 i Laois, 5 i nDún na nGall, 5 i nGaillimh, agus tá na 24 chás eile i gCeatharlach, An Clár, Ciarraí, Cill Dara, Cill Chainnigh, Liatroim, An Longfort, Maigh Eo, an Mhí, Uíbh Fhailí, Ros Comáin, Tiobraid Árann, agus Port Láirge.

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Príomhoifigeach Gníomhach Leighis, an Roinn Sláinte;

“Cé go bhfuil méadú leanúnach á fheiceáil againn i gcásanna, go háirithe i mBaile Átha Cliath, tá sé seo i bpáirt mar gheall ar thoilteanas daoine aird a thabhairt ar ár bpríomhtheachtaireachtaí maidir leis na siomptóim a bheith ar eolas acu agus teacht chun cinn go pras le haghaidh tástála. Cuideoidh sé seo mar aon leis na príomh-iompraíochtaí eile go léir le slabhraí an tarchuir inár bpobail a bhriseadh.

“An deireadh seachtaine seo, cuir teorainn le do theagmhálacha sóisialta, go háirithe cuairteoirí chuig do theach. Seachain sluaite, coinnigh amach ó dhaoine eile agus caith clúdach aghaidhe nuair is cuí."

CRÍOCH