Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé hAoine an 12 Meitheamh 2020
- Foilsithe: 12 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 3 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 1,705* básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Amhail meán oíche Déardaoin an 11 Meitheamh, cuireadh 13 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 25,250* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Faoi láthair tá 83 cás deimhnithe de COVID-19 san ospidéal. Díobh sin, tá 28 cás san ICU faoi láthair.
Seo a leanas mar a léiríonn sonraí an HPSC inniu, amhail meán oíche, Dé Céadaoin an 10 Meitheamh (25,237 cás):
- is mná iad 57% agus fir iad 43% díobh
- 48 aois airmheánach na gcásanna deimhnithe
- cuireadh 3,275 cás (13%) san ospidéal
- díobh siúd a cuireadh san ospidéal, tógadh 415 cás isteach san ICU
- tá baint ag 8,116 cás le hoibrithe cúram sláinte
- tá an líon is mó cásanna ag Baile Átha Cliath ag 12,172 (48% de na cásanna go léir) agus Corcaigh ina dhiaidh sin le 1,533 cás (6%) agus ansin Cill Dara le 1,426 cás (6%)
- díobh siúd a bhfuil a stádas tarchuir ar eolas: is ionann tarchur pobail agus 38%, is ionann dlúth-theagmháil agus 60%, is ionann taisteal thar lear agus 2%
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Beidh tionchar ag an víreas COVID-19 ar an mbealach a mbogaimid thart inár saol laethúil go ceann i bhfad, ach chonaiceamar cheana conas is féidir lenár ngníomhaíochtaí scaipeadh an víris a rialú. Trí leanúint ar aghaidh ag obair le chéile, ag cur ár n-iompraíochtaí nua i bhfeidhm, is féidir linn scaipeadh an ghalair a theorannú."
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh bás amháin. Léiríonn an figiúr de 1,705 bás é seo.**Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh cás amháin deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 25,250 cás deimhnithe é seo.