English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé hAoine an 12 Samhain 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 12 Samhain 2021
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Cuireadh 5,483* cás deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.

Amhail 8am inniu, tá 549 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 96 acusan san aonad dianchúraim.

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

“Inniu táimid ag tuairisciú ceann de na figiúirí laethúla is airde riamh de chásanna deimhnithe COVID-19. Is comhartha eile é seo den mhéadú an-suntasach ar mhinicíocht an ghalair i mbeagnach gach aoisghrúpa ar fud an daonra.

“Agus muid ag tnúth leis an deireadh seachtaine, caithfimid leanúint ar aghaidh ag déanamh gach iarracht is féidir le minicíocht an ghalair a laghdú agus slabhraí an tarchuir a bhriseadh. Sula bhfágfaidh tú an teach, smaoinigh ar líon na ndaoine a mbeidh tú ag casadh leo, agus an riosca a bhaineann leis na gníomhaíochtaí atá beartaithe agat. Féadfaidh na bearta simplí seo a leanas an riosca seo a laghdú:

  • Coinnigh líon do theagmhálaithe íseal agus seachain sluaite
  • Caith masc i gceart
  • Buail le chéile lasmuigh más féidir
  • Seachain spásanna faoi dhíon a bhfuil drochaeráil iontu
  • Cleachtaigh sláinteachas maith láimhe agus riospráide

“Tá vacsaíní thar a bheith éifeachtach i gcoinne galair thromchúiseacha, agus tá siomptóim éadroma ag formhór mór na ndaoine le COVID-19. Mar sin féin, tá neamhchinnteacht ag baint le diagnóis COVID-19 agus tá sé ríthábhachtach go leanfaimid ar fad ag cloí leis an gcomhairle sláinte poiblí d’fhonn muid féin agus ár dteaghlaigh a chosaint.

“Tá 549 duine san ospidéal faoi láthair, tá 96 duine san aonad dianchúraim agus tá tionchar an-suntasach ag an ngalar seo ar theaghlaigh, ar phobail agus ar fud na seirbhíse sláinte.

“Má tá aon siomptóim COVID-19 agat, ba cheart duit glacadh leis go bhfuil an víreas seo agat, tú féin a aonrú láithreach agus tástáil a shocrú. Ná glac leis nach bhfuil ann ach casacht nó slaghdán."

CRÍOCH

  • D'fhéadfadh líon na gcásanna laethúla athrú de bharr bailíochtú sonraí sa todhchaí.