English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé hAoine an 14 Eanáir 2022

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 14 Eanáir 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Cuireadh 17,065* cás deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.

Amhail 8am inniu, tá 1,023 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 83 acusan san aonad dianchúraim.

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

“Tá vacsaín COVID-19 á glacadh ag líon an-ard daoine in Éirinn. Go dtí seo, bhain 59% den daonra fásta anseo leas as teanndáileog, i gcomparáid le 32% ar fud na hEorpa.

“Ba é príomhchuspóir an vacsaínithe riamh breoiteacht thromchúiseach agus bás a chosc – leanann vacsaíní COVID-19 le bheith thar a bheith éifeachtach maidir leis seo agus thug siad cosaint shuntasach do na daoine is leochailí agus dár gcóras sláinte le seachtainí beaga anuas.. Faoi láthair, níl an teanndáileog faighte ach ag 20% de na daoine atá faoi dhianchúram.

“Chomh maith leis sin, tá a fhios againn gur lú an baol ionfhabhtaithe dóibh siúd ar tugadh teanndáileog dóibh agus, má tá siad ionfhabhtaithe, nach mbíonn siad chomh tógálach do dhaoine eile, i gcomparáid leo siúd nach bhfuil an teanndáileog faighte acu.

“Tá sé tábhachtach go ndéanfaidh na daoine sin nár bhain leas as an teanndáileog amhlaidh anois; tá coinní ar fáil trí ionaid vacsaínithe, dochtúirí teaghlaigh agus cógaslanna.

“Ar deireadh, tá sé thar a bheith tábhachtach freisin go dtiocfaidh na daoine nár bhain leas as vacsaín ar bith go fóill, ar chúis amháin nó ar chúis eile, chun cinn chomh luath agus is féidir. Gan vacsaíniú, tá siad soghabhálach i gcónaí d’iarmhairtí is déine COVID-19. Beidh do dhochtúir teaghlaigh, do chógaiseoir, d'obstatraí nó do chnáimhseach an-sásta aon imní nó ceisteanna a d’fhéadfadh a bheith agat faoin vacsaíniú a phlé. Is féidir tuilleadh faisnéise faoi vacsaíní a fháil ag HSE.ie.”

CRÍOCH//


NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR

Tá staitisticí ar vacsaínithe teanndáileoige ar fáil anois ar Mhol sonraí COVID-19.



I bhfianaise na minicíochta ard atá ann faoi láthair, tá líon na gcásanna laethúla bunaithe ar thorthaí dearfacha SARS-CoV-2 arna n-uaslódáil chuig Rianaire Cúraim COVID FSS an lá roimhe sin. Tá na sonraí seo sealadach. Leanfaidh HPSC agus comhpháirtithe faireachais ag tabhairt fógra agus próiseáil cásanna agus ráigeanna de COVID-19 ar CIDR thar an tréimhse seo.