Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé hAoine an 18 Meán Fómhair 2020
- Foilsithe: 18 Meán Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil triúr le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 1,792 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Amhail meán oíche Déardaoin an 17 Meán Fómhair, cuireadh 253 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 32,271* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
De na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
- Is fir iad 143 / is mná iad 108 díobh
- Tá 71% faoi bhun 45 bliana d’aois
- Deimhnítear go bhfuil baint ag 45% le ráigeanna nó gur dlúth-theagmhálacha iad le cás deimhnithe
- Aithníodh 61 cás mar thras-seoladh pobail
- 116 i mBaile Átha Cliath, 22 i gCill Dara, 14 i gCorcaigh, 14 i nGaillimh, 13 i nDún na nGall, 10 i Luimneach, 10 i Lú, 9 i Maigh Eo, 8 i bPort Láirge, 7 i gCill Mhantáin agus tá na 30 cás eile lonnaithe i gCeatharlach, an Cabhán , An Clár, Cill Chainnigh, Laois, an Longfort, an Mhí, Muineachán, Uíbh Fhailí, Tiobraid Árann, an Iarmhí.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 5 cás deimhnithe. Léiríonn an figiúr 32,271 cás deimhnithe é seo.