Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé hAoine an 20 Lúnasa 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 20 Lúnasa 2021
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Cuireadh 2,098* cás deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.

Amhail 8am inniu, tá 251 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 52 acusan san aonad dianchúraim.

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Don dara huair le seachtain, táimid ag tuairisciú os cionn 2,000 cás. Ní fhaca muid an líon seo cásanna ó dheireadh Eanáir 2021. Is léiriú imníoch é seo ar an leibhéal COVID-19 atá inár bpobail.

"Tá vacsaíní COVID-19 an-éifeachtach maidir le géarbhreoiteacht a chosc agus tá daoine á gcoinneáil amach as an ospidéal agus ón ionad dianchúraim acu. Cé gur féidir le daoine aonair atá vacsaínithe go hiomlán COVID-19 a tholg go fóill agus an víreas a scaipeadh chuig daoine eile, tá vacsaíní fós éifeachtach chun an riosca seo a laghdú go suntasach. Sin é an fáth go bhfuil sé ríthábhachtach go bhfaighidh an oiread daoine agus is féidir vacsaín i gcoinne an ghalair seo.

"Ní mór dúinn go léir a bheith airdeallach ar an mbaol go tolgfaimid COVID-19. Chun gach duine a chosaint agus chun an dul chun cinn atá déanta againn a chosaint, lean an chomhairle sláinte poiblí chun tarchur COVID-19 a theorannú.

"Má tá siomptóim COVID-19 agat cosúil le casacht, fiabhras, tinneas cinn, scornach tinn agus srón phlúchta nó smugach - aonraigh agus déan tástáil láithreach. Bí cúramach agus tú ag casadh le daoine eile trí mheasúnú riosca a dhéanamh agus bualadh le chéile amuigh faoin aer nuair is féidir. Coinnigh líon do theagmhálacha íseal agus seachain sluaite. Cuimhnigh, tá sé ceart go leor imeacht mura mbraitheann tú sábháilte."

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat