Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé hAoine an 20 Márta
- Foilsithe: 20 Márta 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tugadh fógra don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte faoi 126 chás dheimhnithe nua de COVID-19 in Éirinn.
Tá 683 chás dheimhnithe de COVID-19 ann in Éirinn anois.
Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ag obair go tapa anois chun aon daoine a bhféadfadh go raibh na hothair i dteagmháil leo a shainaithint chun faisnéis agus comhairle a thabhairt dóibh ar mhaithe le tuilleadh leata a chosc.
Nochtar an méid seo a leanas sna sonraí is déanaí ón Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte, mar a bhí an scéal ag meán oíche, Dé Céadaoin an 18 Márta (438 gcás):
- de na 438 chás ar tugadh fógra fúthu, baineann 55% le fir agus baineann 43% le mná, agus 27 mbraisle ann lena mbaineann 142 chás
- is é aois airmheánach na gcásanna deimhnithe ná 44 bliana d’aois
- cuireadh 32% de chásanna san ospidéal
- ligeadh 2.7% (12 chás) isteach san Aonad Dianchúraim - figiúr atá cothrom le 8.6% de na cásanna a cuireadh san ospidéal
- baineann 114 chás le hoibrithe cúram sláinte, agus taisteal thar lear i gceist le 36 cinn díobh
- ba i mBaile Átha Cliath a chonacthas an céatadán ab airde cásanna, agus é cothrom le 51% díobh. Ba i gCorcaigh (15%) a chonacthas an dara céatadán ab airde cásanna agus bhí 3% de na cásanna i Luimneach agus i gCill Mhantáin araon
Maidir leis na cásanna sin a bhfuil a stádas tarchuir ar eolas:
- tá tarchur pobail freagrach as 40% díobh
- tá tarchur áitiúil/dlúth-theagmháil freagrach as 21% díobh
- tá taisteal thar lear freagrach as 39% díobh
- tá 96% chás fós á n-imscrúdú
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:
"Níor cheart dúinn bheith réchúiseach. Is ag dul chun tairbhe dá dtír atá gach duine atá ag cloí le scaradh sóisialta agus atá ag déanamh a ndíchill leathadh an víris a shrianadh.
"D'eisigh an Roinn Sláinte treoirlínte maidir le scaradh sóisialta amuigh faoin spéir ar cheart do gach duine cloí leo. Cé go molaimid do dhaoine aclaíocht a dhéanamh amuigh faoin spéir agus stíl mhaireachtála shláintiúil a choinneáil ar bun, is ríthábhachtach fós atá bearta um scaradh sóisialta."
Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:
"Is eol dúinn gur féidir go mbeidh daoine aonair scoite agus imníoch de bharr na ngníomhartha nach mór dúinn a dhéanamh mar náisiún. Smaoinigh ar do mheabhairshláinte le linn na tréimhse seo, déan iarracht gnáthamh a choinneáil ar bun, coinnigh aiste chothromaithe shláintiúil bia ar bun agus cuimhnigh nach ionann scaradh sóisialta agus leithlisiú sóisialta – coinnigh i dteagmháil le daoine muinteartha agus le cairde agus bain úsáid as an teicneolaíocht chun coinneáil ceangailte. Tá acmhainní ar fáil ar HSE.ie chun cabhrú leat smaoineamh ar do mheabhairshláinte."
Dúirt an Dr Breda Smyth, Stiúrthóir um Leigheas Sláinte Poiblí, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte:
"Baineann ceann amháin de gach ceithre chás le hoibrithe cúram sláinte. Ní mór dúinn béim a leagan ar cé chomh tábhachtach is atá bearta cuí cosanta pearsanta in ospidéil. Leanfaidh foghrúpa oibrithe cúram sláinte, a bunaíodh faoin bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí, le tacaíocht a thabhairt d'oibrithe cúram sláinte túslíne."
CRÍOCH
Staitisticí ospidéil
Foinse: HSPC | An líon daoine | *% den iomlán |
An líon iomlán cásanna | 438 | |
An líon iomlán daoine a cuireadh san ospidéal | 140 | 32 |
An líon iomlán daoine a ligeadh isteach san Aonad Dianchúraim | 12 | 3 |
An líon iomlán básanna | 3 | 0.7 |
An ráta báis i measc na gcásanna | 0.6 | |
An líon iomlán oibrithe cúram sláinte | 114 | 26 |
An líon braislí ar tugadh fógra fúthu | 27 | |
Aois airmheánach | 44 |
- Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, an 18 Márta.
Inscne na n-othar
Fir | 241 | 55% |
Mná | 189 | 43% |
Níl an inscne ar eolas | 7 | 2% |
Iomlán | 438 |
- Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, an 18 Márta.
An t-aoisraon a ndeachthas i bhfeidhm air
Aoisghrúpa | An líon daoine | % den iomlán |
<1 | 1 | 0 |
1 - 4 | 1 | 0 |
5 - 14 | 9 | 2 |
15 - 24 | 47 | 11 |
25 - 34 | 78 | 18 |
35 - 44 | 96 | 22 |
45 - 54 | 62 | 14 |
55 - 64 | 69 | 16 |
65+ | 75 | 17 |
Iomlán | 438 |
- Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, an 18 Márta.
Cásanna a cuireadh san ospidéal de réir aoisghrúpa
Aoisghrúpa | An líon daoine | % den iomlán |
<5 | 1 | 1 |
5 - 14 | 2 | 2 |
15 - 24 | 9 | 8 |
25 - 34 | 16 | 15 |
35 - 44 | 15 | 14 |
45 - 54 | 11 | 10 |
55 - 64 | 23 | 21 |
65+ | 31 | 29 |
Iomlán | 108 |
Conas a bhíonn COVID-19 á leathadh
Aicmiú tarchuir | % de chásanna a bhfuil a stádas tarchuir ar eolas | |
Tarchur pobail | 40 | |
Teagmháil le cás deimhnithe | 21 | |
Taisteal thar lear | 39 | |
Tá an cás fós á imscrúdú | 96 |
- Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, an 18 Márta.
Tabhair faoi deara:
I gcás go dtaispeánfaidh toradh tástála go bhfuil COVID-19 ar dhuine agus nach raibh an duine sin thar lear nó nach raibh aon teagmháil aige/aici le cás deimhnithe eile in Éirinn, cuirfear an cás i leith tarchur pobail.
I gcás go dtaispeánfaidh toradh tástála go bhfuil COVID-19 ar dhuine agus go mbeifear in ann é sin a nascadh le cás deimhnithe eile in Éirinn, cuirfear an cás i leith tarchur áitiúil.
Oibrithe cúram sláinte
Baineann an cás leis an taisteal | 28 | 33% |
Ní bhaineann an cás le haon taisteal thar lear | 55 | 65% |
Tá an cás fós á imscrúdú | 1 | 1% |
Iomlán | 84 |
- Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, an 18 Márta.
Cásanna de réir contae
Contae | An líon cásanna | % den iomlán |
Ceatharlach | ≤ 5 | 1 |
An Cabhán | ≤ 5 | 0 |
Dún na nGall | ≤ 5 | 1 |
Laois | ≤ 5 | 1 |
Liatroim | ≤ 5 | 0 |
An Longfort | ≤ 5 | 0 |
Maigh Eo | ≤ 5 | 0 |
Uíbh Fhailí | ≤ 5 | 1 |
Ros Comáin | ≤ 5 | 0 |
Sligeach | ≤ 5 | 1 |
Tiobraid Árann | ≤ 5 | 1 |
Loch Garman | ≤ 5 | 0 |
An Clár | 7 | 2 |
Cill Chainnigh | 7 | 2 |
Ciarraí | 7 | 2 |
Port Láirge | 7 | 2 |
Lú | 8 | 2 |
Cill Dara | 9 | 2 |
An Mhí | 11 | 3 |
An Iarmhí | 12 | 3 |
Gaillimh | 14 | 3 |
Cill Mhantáin | 15 | 3 |
Luimneach | 15 | 3 |
Corcaigh | 66 | 15 |
Baile Átha Cliath | 225 | 51 |
Cineál braisle
Taisteal | 11 |
Ospidéal | 5 |
Teach Altranais | 3 |
Teach príobháideach | 3 |
An mórtheaghlach | 2 |
An áit oibre | 2 |
Tá an cás fós á imscrúdú | 1 |
Iomlán | 27 |
- Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, an 18 Márta.
Ciallaíonn < 'níos lú ná'.
Ciallaíonn ≤ 'níos lú ná nó cothrom le'.