English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé hAoine, an 22 Bealtaine 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 22 Bealtaine 2020
  • An t-eolas is déanaí: 25 Bealtaine 2020

Inniu, cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte gur bhásaigh 11 dhuine de thoradh COVID-19.

Tá 1,592 duine ar fad tar éis bháis de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.

Ag 11am, Dé hAoine, an 22 Bealtaine, bhí 115 cás deimhnithe de COVID-19 curtha in iúl do HPSC. Tá 24,506 cás deimhnithe ar fad de COVID-19 in Éirinn anois.

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálaithe a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint agus faisnéis agus comhairle a chur orthu chun scaipeadh an víris a chosc.

Tugtar an méid seo a leanas le fios i sonraí an lae inniu ó HPSC, go dtí meán oíche, Dé Céadaoin, an 20 Bealtaine (24,351 cás):

  • is mná iad 57% agus is fir iad 43%
  • is é 48 bliain d’aois aois airmheánach na gcásanna deimhnithe
  • tá 3,194 cás (13%) curtha san ospidéal
  • as measc na ndaoine a cuireadh san ospidéal, cuireadh cóir leighis ar 393 cás san aonad dianchúraim
  • baineann 7,791 cás le hoibrithe cúraim sláinte
  • is i mBaile Átha Cliath atá an líon is mó cásanna - 11,794 (48% de gach cás), agus is í Corcaigh atá sa dara háit ar an liosta, áit a bhfuil 1,398 cás (6%), agus is í Cill Dara atá sa tríú háit ar an liosta, áit a bhfuil 1,383 cás (6%)
  • maidir leis na cásanna a bhfuil a stádas scaipthe ar eolas: scaipeadh pobail atá i gceist i gcás 60%, dlúth-theagmháil atá i gceist i gcás 37%, agus taisteal thar lear atá i gceist i gcás 3%

Bhuail an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí (NPHET) le chéile inniu (Dé hAoine, an 22 Bealtaine) chun athbhreithniú a dhéanamh ar fhreagairt leanúnach na hÉireann do COVID-19.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, An Roinn Sláinte:

"Inniu mhol NPHET go gcuirfeadh FSS leis an obair mhór atá déanta go dtí seo chun an acmhainn tástála a fhorbairt, d’fhonn a chinntiú gur ann do chur chuige comhtháite agus comhordaithe cliniciúil agus sláinte poiblí i ndáil le bunú agus le cur chun feidhme straitéis tástála náisiúnta."

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr. Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, An Roinn Sláinte:

"Is léir ó thaighde atá déanta thar ceann na Roinne Sláinte gur dóigh le 86% de dhaoine go bhfuil go leor ar eolas acu faoi na bealaí chun scaipeadh COVID-19 a chosc. Tá sé tábhachtach go mbeadh na bealaí seo ar eolas ag an tsochaí trí chéile ionas gur féidir linn dul, go sábháilte, ó chéim go céim sna míonna amach romhainn."

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr. Siobhán Ní Bhriain, Síciatraí Comhairleach agus Ceannasaí Cúraim Chomhtháite FSS:

"Baineann níos mó tábhachta ná riamh le sláinte an duine aonair i rith paindéime. Mholfainn do gach duine clárú le dochtúir teaghlaigh agus bealach a aimsiú chun an córas sláinte a rochtain."

CRÍOCH

  • Bhí bailíochtú sonraí in HPSC mar bhonn le 2 bhás a bheith á ndífhógairt. Tá sé seo curtha san áireamh i líon na mbásanna - 1,592 bás.