English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé hAoine an 26 Meitheamh 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 26 Meitheamh 2020
  • An t-eolas is déanaí: 29 Meitheamh 2020

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil triúr le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Tá 1,730 básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.

Amhail meán oíche Déardaoin an 27 Meitheamh, cuireadh 11 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 25,414* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Léiríonn anailís WHO go bhfuil minicíochtaí 7 lá COVID-19 in Éirinn i measc na gcinn is ísle san AE. A bhuíochas sin do chomhiarrachtaí gach duine.

"Mar sin féin, táimid ag feiceáil ráigeanna nua ar fud tíortha éagsúla agus iad ag maolú srianta agus meabhraíonn sé sin dhá rud dúinn - an tábhacht a bhaineann le cloí le treoirlínte sláinte poiblí agus srianta á maolú againn anseo in Éirinn agus an tábhacht a bhaineann le gach taisteal neamhriachtanach a sheachaint."

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach um Shamhaltú Eipidéimeolaíochta na hÉireann (IEMAG):

"Táimid ag feiceáil leibhéil an-íseal tarchuir den víreas sa daonra ina iomláine.

"Cúis imní is ea an líon méadaitheach cásanna a bhaineann le taisteal agus aosaigh óga. Tá sé riachtanach go leanfaimid orainn le lámha a ní, sláinteachas maith casachta agus sraothartaí a chleachtadh agus scaradh sóisialta a chur i bhfeidhm."

Dúirt an Dr. Siobhan Ní Bhriain, Ceannaire Cliniciúil Náisiúnta, Cúram Comhtháite, FSS:

"Cé go bhfuil minicíocht an ghalair an-íseal sa phobal faoi láthair, mholfaimis do dhaoine a mbíonn aon siomptóim riospráide acu teagmháil a dhéanamh lena ndochtúir teaghlaigh a luaithe is féidir."

Dúirt an Dr. Alan Smith, Leas-Phríomhoifigeach Leighis:

"Inniu, seolann an Roinn Sláinte an leabhrán treoirlínte 'Fan Sábháilte'. Tugann an leabhrán breac-chuntas ar iompraíochtaí sábháilte ba chóir a chleachtadh i gcásanna éagsúla sa bhaile, ag an obair, ar iompar poiblí, ag siopadóireacht, agus nuair a bhíonn tú ag bualadh le daoine eile laistigh agus lasmuigh."

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir:

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 2 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 25,414 cás deimhnithe é seo.

Tá an leabhrán ar fáil le híoslódáil ag gov.ie/staysafeguidelines agus beidh forlíonadh saor in aisce ar fáil sna nuachtáin náisiúnta an deireadh seachtaine seo.