English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé hAoine an 31 Nollaig 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 31 Nollaig 2021
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Cuireadh 20,110* cás deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.

Amhail 8am inniu, tá 682 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 86 acusan san aonad dianchúraim.

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

“Tuairiscíodh líon an-ard cásanna deimhnithe de COVID-19 in Éirinn arís inniu. Tá líon na ndaoine san ospidéal le COVID-19 ag méadú i gcónaí.

“Tá a fhios agam go bhfuil go leor daoine tar éis imeachtaí sóisialta agus teaghlaigh pleanáilte a chur ar ceal nó a chur siar, ní amháin le haghaidh Oíche Chinn Bliana, ach i rith thréimhse na Nollag. D'athraigh an phaindéim seo na hócáidí sa saol is mó a mbíonn súil againn leo. Mar sin féin, tá na comhiarrachtaí seo riachtanach chun muid féin, ár ngaolta agus ár seirbhís sláinte a chosaint.

“Tá sé tráthúil inniu cuimhneamh orthu siúd go léir a leanann ag cur go mór lenár bhfreagra ar COVID-19, go háirithe iarrachtaí aonair agus comhchoiteanna ár n-oibrithe cúraim sláinte túslíne atá anois ag tabhairt aghaidh ar an tríú bliain den phaindéim. Sna cúinsí is dúshlánaí, leanann siad ag obair chun sláinte an phobail a chosaint agus chun rochtain ar sheirbhísí a chothabháil ar fud gach cuid dár seirbhís sláinte. Agus seirbhísí COVID agus neamh-COVID araon á seachadadh acu, bhain othair agus a dteaghlaigh leas as a gcomhbhá, a scil agus a gcúram. Is dóigh gur tréimhse dheacair a bheidh i mí Eanáir agus ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil lenár n-oibrithe cúraim sláinte go léir as a gcuid iarrachtaí.

“Is cuimhin linn freisin iad siúd a fuair bás go brónach le COVID-19 in Éirinn ó thús na paindéime seo, in éineacht lena dteaghlaigh agus a ngaolta atá ag caoineadh a mbás. Ní mór dúinn go léir cuimhneamh gurb é ár bhfreagra comhchoiteann, náisiúnta agus na híobairtí leanúnacha atá á ndéanamh ag gach duine againn a bhrisfidh na slabhraí tarchuir, a íoslaghdóidh an brú ar ár seirbhís sláinte, a chinnteoidh nach dtarlóidh an méid sin do theaghlaigh eile in 2022 agus go mbeidh laethanta níos gile amach romhainn.

“Ba bhliain an-dúshlánach í 2020 ó thaobh COVID de. Bhíomar ag dul i ngleic le galar nua, gan aon drugaí, gan aon vacsaíní agus gan aon imdhíonacht. In 2021, chonaiceamar teacht chun cinn na vacsaíní agus freagairt iontach an phobail eolaíochta go hidirnáisiúnta chun iad a tháirgeadh. Agus muid ag féachaint chun cinn go 2022, tá go leor cúiseanna againn a bheith dóchasach. Tugann dul chun cinn san eolaíocht agus i sláinte an phobail lena n-áirítear forbairt cóireálacha nua cosúil le drugaí frithvíreasacha agus antasubstaintí monaclónacha agus éabhlóid leanúnach ár dtuisceana ar an víreas seo fáthanna dúinn a bheith dóchasach go mbeidh 2022 níos fearr ó thaobh COVID de ná mar a bhí 2020 agus 2021."

CRÍOCH

Tá staitisticí ar vacsaínithe teanndáileoige ar fáil anois ar Mhol sonraí COVID-19.


  • In oirchill líon mór cásanna sa tréimhse amach romhainn beidh líon na gcásanna laethúla a bhfógrófar bunaithe ar thorthaí deimhneacha SARS-CoV-2 arna n-uaslódáil chuig Rianaire Cúraim COVID FSS an lá roimhe sin. Tá na sonraí seo sealadach. Leanfaidh HPSC agus comhpháirtithe faireachais ag tabhairt fógra agus próiseáil cásanna agus ráigeanna de COVID-19 ar CIDR thar an tréimhse seo.