English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé hAoine an 5 Meitheamh 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 5 Meitheamh 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 7 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Tá 1,670* básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.

Amhail meán oíche Déardaoin an 4 Meitheamh, cuireadh 28 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 25,163* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.

Seo a leanas mar a léiríonn sonraí an HPSC inniu, amhail meán oíche, Dé Céadaoin an 3 Meitheamh (25,135 cás):

  • Is mná iad 57% agus fir iad 43% díobh
  • 48 aois airmheánach na gcásanna deimhnithe
  • Cuireadh 3,312 cás (13%) san ospidéal
  • Díobh siúd a cuireadh san ospidéal, tógadh 410 cás isteach san ICU
  • Tá baint ag 8,046 cás le hoibrithe cúram sláinte
  • Tá an líon is mó cásanna ag Baile Átha Cliath ag 12,118 (48% de na cásanna go léir) agus Corcaigh ina dhiaidh sin le 1,527 cás (6%) agus ansin Cill Dara le 1,419 cás (6%)
  • Díobh siúd a bhfuil a stádas tarchuir ar eolas: is ionann tarchur pobail agus 39%, is ionann dlúth-theagmháil agus 59%, is ionann taisteal thar lear agus 2%

Dheimhnigh an Rialtas inniu go rachaidh Éire ar aghaidh chuig Céim a Dó de Treochlár na hÉireann chun an tSochaí agus an Ghnó a Athoscailt Dé Luain an 8 Meitheamh 2020.

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte;

“Agus muid ag bogadh ar aghaidh chuig Céim a Dó, tá raon beart nua tugtha isteach ag an Rialtas de réir na comhairle ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí.

“Is iad ár n-iompraíochtaí aonair agus ár roghanna pearsanta a rachaidh i gcion ar deireadh thiar ar chúrsa an ghalair seo sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn."

Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte;

“Tá athoscailt clóis súgartha in áiteanna poiblí agus áiseanna lasmuigh lena n-áirítear zúnna, páirceanna ainmhithe agus campaí samhraidh, chomh maith leis an gclár oideachais samhraidh do leanaí le riachtanais speisialta oideachais, ar chuid de na bearta a bhfuil súil go n-éascóidh siad déine na paindéime seo ar leanaí agus ar a dteaghlaigh."

Dúirt an Dr. Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil, FSS;

“Soláthraíonn Céim a Dó scóip do ghrúpaí leochaileacha do chuairteanna baile suas le 6 dhuine ar feadh tréimhse ghearr, ach tá sé ríthábhachtach go gcomhlíonfadh gach cuairt ar thithe ina bhfuil daoine leochaileacha cleachtais maidir le sláinteachas lámh, béasaíocht riospráide agus scaradh fisiceach 2 mhéadar. Táthar ag súil agus muid ag dul trí chéimeanna, go n-éireoidh an saol níos éasca do ghrúpaí a bhfuil drochthionchar orthu ach go ndéantar a sábháilteacht a chothabháil i gcónaí. "

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 1 bhás. Léiríonn an figiúr de 1,670 bás an méid sin.

**Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 7 gcás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 25,163 cás deimhnithe é seo.