English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain 10 Eanáir 2022

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 10 Eanáir 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu faoi 23,909* cás dearbhaithe de COVID-19.

Amhail 8rn inniu, tá 1,063 othar a bhfuil COVID-19 orthu san ospidéal, a bhfuil 89 acusan in Aonad Dianchúraim.

Dúirt an Dochtúir Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, An Roinn Sláinte:

“Inniu, leanaimid orainn ag tuairisciú leibhéal an-ard de mhinicíocht COVID-19 sa phobal. Tá sé riachtanach do gach duine iad féin agus daoine eile a chosaint ó ionfhabhtú. Tá gach gníomh beag chun leathadh an víris seo a theorannú ríthábhachtach, agus líon mór othar san ospidéal fós, méadú an triú cuid ón am seo an tseachtain seo caite.

“Cuimhnigh gur duine aonair, a bhfuil teaghlach agus cairde acu, agus foireann oibrithe cúram sláinte a sholáthraíonn cúram dóibh i gcúinsí fíordheacra atá taobh thiar de gach staitistic ospidéil agus figiúr Aonad Dianchúraim. Is é an bealach is fearr is féidir linn leanúint ar aghaidh ag tacú lenár seirbhís sláinte agus ag cosaint a chéile ná an chomhairle sláinte poiblí a leanúint chomh maith agus is féidir linn – fanacht sa bhaile agus féin-aonrú má thagann siomptóim orainn, sluaite agus spásanna droch-aeráilte a sheachaint, fuinneoga a oscailt, maisc aghaidhe a chaitheamh agus obair ón mbaile nuair is féidir.

“Is í an vacsaín COVID-19 an tsraith chosanta is tábhachtaí atá againn le linn na paindéime seo i gcónaí. Tá an clár vacsaínithe oscailte anois do gach leanbh idir 5 -11 bliana d’aois agus tá a fhios againn go bhfuil na buntáistí a bhaineann le vacsaíniú leanaí i bhfad níos mó ná na rioscaí.

“Beidh cineál an-éadrom den ghalar seo ag formhór na leanaí, i gcás líon beag díobh, d’fhéadfaidis éirí an-tinn. Tá sár-jab á déanamh ag na vacsaíní COVID-19 chun tinneas agus galar trom a sheachaint iontu siúd atá vacsaínithe go hiomlán.

“Is cinneadh idir tú féin agus do leanbh é do leanbh a vacsaíniú. Mholfainn do gach tuismitheoir agus caomhnóir an nuashonrú seo ar ár gclár vacsaínithe a phlé le do leanbh agus a chinntiú go bhfuil siad ar an eolas go bhfuil vacsaíniú ar fáil dóbh. Mholfainn duit freisin dul i gcomhairle leis an gcomhairle sláinte iontaofa atá ar fáil ar láithreán gréasáin FSS, agus le do chliniceoir teaghlaigh má tá aon imní ort faoi do leanbh a thabhairt don vacsaín seo."


NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR

Tá staitisticí ar vacsaíní teanndáileoige ar fáil anois ar an mol sonraí COVID-19.


  • I bhfianaise na minicíochta ard atá ann faoi láthair, tá líon na gcásanna laethúla bunaithe ar thorthaí dearfacha SARS-CoV-2 a uaslódáladh chuig Rianaire Cúraim COVID FSS an lá roimhe sin. Tá na sonraí seo sealadach. Leanfaidh an HPSC agus comhpháirtithe faireachais ag tabhairt fógra agus ag próiseáil cásanna agus ráigeanna de COVID-19 ar CIDR le linn na tréimhse seo.