Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain 16 Lúnasa 2021
- Foilsithe: 16 Lúnasa 2021
- An t-eolas is déanaí: 19 Lúnasa 2021
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu faoi 1558 * cás dearbhaithe de COVID-19.
Amhail 8am inniu, tá 262 othar COVID-19 san ospidéal, a bhfuil 51 acu san aonad dianchúram.
Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“Cé go bhfuil leibhéil vacsáinithe ag dul i méid ar fud an daonra, tá leibhéal an-ard galar anois ag scaipeadh sa phobal. Mar gheall ar an leagan Delta fuair COVID-19 an lámh in uachtar arís in Éirinn a chuireann gach duine againn i mbaol de réir mar a mhéadaíonn teagmhálacha sóisialta agus soghluaiseacht. Táimid ag déánamh dlúthfhaireacháin ar scaipeadh an víris le roinnt imní.
“Tá athrú ag teacht ar chursaí mar gheall ar na vacsaínithe ach nílimid ó bhaol go fóill. Ní mór dúinn an t-am agus an spás a thabhairt chun leibhéil chosanta a mhéadú maidir le vacsaíní ar fud na déimeagrafaigh ionas go mbeidh sé indéanta chun leanúint ar aghaidh le athoscailt gach earnáil den tsochaí agus dár ngeilleagar.”
"Faigh vacsaíniú chomh luath agus a thairgtear vacsaín duit. Tá sé an-tábhachtach freisin go bhfaighidh daoine an dara dáileog den vacsaín a luaithe a iarrtar ort é a dhéanamh. Beidh tú cosanta go hiomlán seachtain nó coicís tar éis do dhara dáileog, ag brath ar an vacsaín a fuair tú.”
“Táim ag iarraidh ar dhaoine a bheith cúramach agus comhairle sláinte poiblí a leanúint go dlúth sna seachtainí amach romhainn, go háirithe sa tréimhse roimh na scoileanna a athoscailt i mí Mheán Fómhair.
“Tá a fhios againn céard atá i gceist leis seo agus níos tábhachtaí fós, tá a fhios againn gur féidir linn minicíocht COVID-19 a laghdú inár bpobail tríd an gcomhairle sláinte poiblí a leanúint. Má tá aon siomptóm agat a thugann le fios go bhféadfadh COVID-19 a beith agat mar shampa, a bheith ag casacht, fiabhras, tinneas cinn, scornach thinn, srón blocáilte nó slaghdán agat, féinlighlisigh agus faigh tástáil láithreach. Déan pleananna sóisialta atá sábhailte agus measúnú riosca mar a théann tú, buail le daoine eile lasmuigh más féidir i ngrúpaí beaga agus seachain sluaite. Más rud é nach mbraiteann tú sábháilte, fág an áit.
"Lean ort ag caitheamh masc aghaidhe nuair is cuí, nigh do lámha, bainistigh do theagmhálacha agus coinnigh do scaradh sóisialta”
CRÍOCH
- D'fhéadfadh líon na gcásanna laethúla athrú de bharr bailíochtú sonraí sa todhchaí.