English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain 21 Feabhra 2022

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 21 Feabhra 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu faoi 3,473 cás de COVID-19 arna ndeimhniú ag PCR. Ina theannta sin, ar an Domhnach 20ú Feabhra, chláraigh 2,865* duine tástáil antaigine dearfach trí thairseach FSS.

Ar an Satharn 19ú Feabhra, cuireadh an HPSC ar an eolas faoi 4,847 cás de COVID-19 arna ndeimhniú ag PCR. Chláraigh 3,076 duine tástáil antaigine dearfach trí thairseach FSS an lá roimhe sin.

Ar an Domhnach 20ú Feabhra, cuireadh an HPSC ar an eolas faoi 3,351 cás de COVID-19 arna ndeimhniú ag PCR. Chláraigh 2,574 duine tástáil antaigine dearfach trí thairseach FSS an lá roimhe sin.

Amhail 8rn inniu, tá 634 othar a bhfuil COVID-19 orthu san ospidéal, a bhfuil 53 acusan in Aonad Dianchúraim.


NÓTAÍ

  • Tá na sonraí seo sealadach agus ní féidir iad a chur i gcomparáid go díreach le cásanna SARS-CoV-2 arna ndeimhniú ag PCR saotharlainne arna gclárú trí Rianaire Cúraim Covid FSS.

Tá sonraí ar eipidéimeolaíocht cásanna agus básanna COVID-19 ar fáil ar mhol sonraí Eipidéimeolaíocht COVID-19 in Éirinn de chuid HPSC.

Tá sonraí breise ar vacsaíniú, ospidéal, Aonad Dianchúraim agus toghcheantair áitiúla ar fáil ar mhol sonraí COVID-19 na hÉireann.