English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 01 Márta 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 1 Márta 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil duine amháin le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Bhásaigh an duine sin i mí Eanáir.

4,319* duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche Dé Domhnaigh an 28 Feabhra, cuireadh 687 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 220,273** cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 352 / baineann mná le 334 díobh
  • Tá 71% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • 30 aois airmheánach na ndaoine
  • 240 i mBaile Átha Cliath, 49 i Luimneach, 44 in Uíbh Fhailí, 40 i nGaillimh, 36 i Lú agus na 278 cás eile scaipthe ar fud 19 gcontae eile ***.

Amhail 8am inniu, tá 540 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 120 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 14 duine in ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Amhail an 26 Feabhra, bhí 426,070 dáileog de vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:

  • Bhí a gcéad dáileog faighte ag 285,780 duine
  • Bhí a dara dáileog faighte ag 140,290 duine

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.

Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte;

“Cé go bhfuil líon na gcásanna laethúla agus líon na ndaoine san ospidéal agus i gcúram criticiúil ard i gcónaí, leanaimid orainn ag déanamh dul chun cinn. Le 24 uair an chloig anuas, níor glacadh aon cás nua isteach san aonad cúraim chriticiúil, an chéad uair a tharla sé seo ó Lá Fhéile Stiofáin. Is comhartha inbhraite amháin é seo ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag daoine agus ar an gcaoi a bhfuil tionchar dearfach ag na hiarrachtaí sin ar threocht COVID-19 in Éirinn. Cloígh leis an méid sin sna seachtainí amach romhainn le bhur dtoil."

Dúirt an tOllamh Pete Lunn, Ceann an Aonaid Taighde Iompraíochta, ESRI;

“Tugann sonraí ón Taighde Suirbhé ar Rianú Tuairimí an Phobail (Amárach/An Roinn Sláinte) agus ón mBeart Gníomhaíochta Sóisialta nua (ESRI/Roinn an Taoisigh), léargas ar an gcaoi a bhfuil daoine ag déileáil leis an tréimhse fhada srianta. Taispeánann an fhianaise cé go bhfuil daoine dul ag streachailt, creideann an tromlach mór (79%) go bhfuil cosc a chur ar scaipeadh Covid-19 níos tábhachtaí ná ualach na srianta. Easaontaíonn 10%.

“Cuidíonn an patrún seo le míniú a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil bearta comhlíonta ag ardú le seachtainí agus míonna beaga anuas, in ainneoin na ndeacrachtaí a bhraitheann daoine,” a dúirt an tOllamh Pete Lunn, Ceann an Aonaid Taighde Iompraíochta ag an ESRI, a rinne anailís ar na sonraí. “Má mhothaímid go dona, ní chiallaíonn sé sin go rialaíonn sé ár n-iompar. Ina ionad sin, tacaíonn formhór mór na ndaoine in Éirinn leis na srianta agus tá siad ag cloí leo, in ainneoin na ndeacrachtaí.

“Taispeánann na sonraí freisin míthuiscintí córasacha maidir le gníomhaíocht shóisialta. Faoi láthair, ní bhuaileann leath an daonra aosach le duine ar bith taobh amuigh dá dteaghlach thar thréimhse 48 uair an chloig, agus bíonn níos lú ná an ceathrú cuid ag bualadh le triúr nó níos mó. Ach creideann na daoine sin atá níos gníomhaí go sóisialta go bhfuil siad ag bualadh le níos lú daoine ná an meán.

“Tá míthuiscint shoiléir ann. Creideann mórchuid na ndaoine go bhfuil saol sóisialta níos mó ag daoine eile ná mar atá acu féin. Ní thuigeann na daoine siúd is gníomhaí go sóisialta an méid seo. Tá an toradh tábhachtach, agus caithfimid iarracht a dhéanamh an mhíthuiscint seo a cheartú. Nuair a thuigeann daoine an iarracht a dhéanann daoine eile, is iondúil go leanann siad iad."

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh bás amháin. Léiríonn an figiúr 4,319 bás é seo.

**Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 6 cás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 220,273 cás deimhnithe é seo.

***Ba cheart sonraí contae a mheas go sealadach toisc gur córas dinimiciúil é an Córas Ríomhaireachta Idirnáisiúnta um Ghalair Thógálacha (CIDR) agus tá sonraí cáis á mbailíochtú agus á nuashonrú i gcónaí.

Cásanna an lae inniu, meán gluaiseachta 5 lá de chásanna nua, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 28 Feabhra 2021) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)

Contae Cásanna an lae inniu*** (go meán oíche 28 Feabh 2021) Meán Gluaiseachta 5 lá de Chásanna Nua~ Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (go 28 Feabh 2021) Cásanna Nua le 14 lá anuas (go 28 Feabh 2021)
Éire 687 684 209.2 9,964
Uíbh Fháilí 44 27 433.6 338
An Longfort 0 11 352.3 144
Baile Átha Cliath 240 277 287.7 3,877
Luimneach 49 42 280.7 547
An Iarmhí 24 22 273.7 243
36 26 270 348
Laois 12 13 265.7 225
Gaillimh 40 39 257.7 665
Maigh Eo 24 17 234.5 306
Muineachán 9 7 231.3 142
An Mhí 32 33 221.5 432
Port Láirge <5 8 211.7 246
Ceatharlach 9 10 207.3 118
Cill Dara 16 22 204.9 456
Tiobraid Árann 26 20 200.6 320
Dún na nGall 31 27 191 304
An Cabhán 10 6 156.2 119
An Clár 6 9 142.2 169
Liatroim <5 3 140.4 45
Ros Comáin 14 6 110 71
Cill Mhantáin <5 7 97.6 139
Loch Garman 5 8 88.2 132
Sligeach 5 4 82.4 54
Cill Chainnigh <5 4 79.6 79
Corcaigh 32 26 67.4 366
Ciarraí 8 9 53.5 79

~Soláthraíonn an meán gluaiseachta 5 lá de líon na gcásanna nua táscaire iomchuí ar líon na gcásanna laethúla reatha laistigh de chontae. Áirítear aon bhailíochtú cásanna a tharla sna laethanta roimhe seo agus réitíonn sé luaineachtaí laethúla/deireadh seachtaine i líon na gcásanna.

  • Minicíocht 7 lá 95.9
  • Meán gluaiseachta 5 lá 684