Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 06 Nollaig 2021
- Foilsithe: 6 Nollaig 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cuireadh 2,950* cás deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Amhail 8am inniu, tá 536 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 110 acusan san aonad dianchúraim.
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomh-Oifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“Le linn míonna an gheimhridh seo tá sé ríthábhachtach má bhíonn aon siomptóim COVID-19 againn, go ndéanaimid aonrú láithreach agus tástáil PCR a shocrú.
Tá a fhios againn go léir na gníomhartha chun leathadh COVID-19 a chosc - sláinteachas maith láimhe, clúdach aghaidhe a chaitheamh, bualadh le daoine eile lasmuigh nuair is féidir agus, nuair a bhíonn tú taobh istigh, fuinneoga a oscailt agus aeráil mhaith a chinntiú, coinneáil amach ó dhaoine eile agus, ar ndóigh, vacsaín agus teanndáileog a fháil nuair atá tú incháilithe.
“Tá na hiarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh againn go léir oibriú leis an gcomhairle sláinte poiblí le linn na paindéime seo ríthábhachtach dár gcuid oibre chun minicíocht COVID-19 inár bpobail a laghdú.”
CRÍOCH
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR
Ní bhíonn tionchar ag éagsúlacht ó lá go lá ar líon na gcásanna COVID-19 a thuairiscítear ar phríomhanailís treochta. Déanann anailísiú thar thréimhse ama níos faide mar sheachtain nó 14 lá, réidh le haon athruithe a thugtar isteach le hamanna próiseála, agus soláthraíonn sí pictiúr níos cobhsaí den treocht.
Beidh líon na bhfógraí maidir le CIDR difriúil ó fhoinsí sonraí FSS eile, mar shampla torthaí dearfacha SARS-CoV-2 arna n-uaslódáil chuig Rianaire Cúraim COVID, ar chúiseanna éagsúla lena n-áirítear:
- Dídhúbláil ar thástálacha dearfacha leantacha sa duine céanna
- Sceidil uaslódála éagsúla ag na saotharlanna chuig CCT agus CIDR - déantar taifid dhearfacha a uaslódáil chuig CCT de láimh, ní amhlaidh an cás le CIDR. Is gnách go ndéantar uaslódáil ar CIDR ar an lá nó laistigh de lá amháin ó údarú thoradh na tástála saotharlainne
- An t-am a ghlacann sé chun an modh dhá chéim fógraí ar CIDR a phróiseáil - tarlaíonn sé seo de ghnáth ar an lá nó laistigh de lá amháin ó uaslódálann saotharlanna taifid dhearfacha ar CIDR
D'fhéadfadh líon na gcásanna laethúla athrú de bharr bailíochtú sonraí sa todhchaí.