Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain, an 1 Meitheamh 2020
- Foilsithe: 1 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Inniu, cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte gur bhásaigh duine amháin de thoradh COVID-19.
Tá 1,650* duine ar fad tar éis bháis de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Ag meán oíche, Dé Domhnaigh, an 31 Bealtaine, bhí 77 cás deimhnithe de COVID-19 curtha in iúl do HPSC. Tá 25,062 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálaithe a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint agus faisnéis agus comhairle a chur orthu chun scaipeadh an víris a chosc.
Tugtar an méid seo a leanas le fios i sonraí an lae inniu ó HPSC, go dtí meán oíche, Dé Sathairn, an 30 Bealtaine (24,985 cás):
- Is mná iad 57% agus is fir iad 43%
- Is é 48 bliain d’aois aois airmheánach na gcásanna deimhnithe
- Tá 3,286 cás (13%) curtha san ospidéal
- As measc na ndaoine a cuireadh san ospidéal, cuireadh cóir leighis ar 408 cás san aonad dianchúraim
- Baineann 7,968 cás le hoibrithe cúraim sláinte
- Is i mBaile Átha Cliath atá an líon is mó cásanna - 12,052 (48% de gach cás) agus is í Corcaigh atá sa dara háit ar an liosta, áit a bhfuil 1,514 cás (6%), agus is í Cill Dara atá sa tríú háit ar an liosta, áit a bhfuil 1,417 cás (6%)
- Maidir leis na cásanna a bhfuil a stádas scaipthe ar eolas: scaipeadh pobail atá i gceist i gcás 39%, dlúth-theagmháil atá i gceist i gcás 58%, agus taisteal thar lear atá i gceist i gcás 2%
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis sa Roinn Sláinte:
“Tá breis is 25,000 cás de COVID-19 tuairiscithe in Éirinn anois agus cé gur tháinig biseach ar 90% de na hothair, tá breis is 3,285 curtha san ospidéal, agus ar an drochuair, tá 1,650 duine tar éis bháis.
“Is galar nua é COVID-19, níl aon vacsaín ar fáil ná níl aon chóir leighis ar fáil.
“De réir mar a bheidh deireadh ag teacht leis na srianta agus de réir mar a bheidh tús á chur an athuair leis an saol sóisialta agus geilleagrach, ní mór dúinn ar fad tréaniarracht a dhéanamh lena chinntiú nach mbeidh dlús faoi scaipeadh an víris an athuair.
“Tá sé ríthábhachtach go leanfaimid ar aghaidh leis an sláinteachas lámh agus casachta agus leis an scaradh sóisialta, agus leis an mbeart breise sláinteachais - aghaidhchlúdaigh a chaitheamh i suíomhanna oiriúnacha.
“Tá sé tábhachtach spás a chur ar fáil do dhaoine leochaileacha nuair a bhíonn muid taobh amuigh.
"Ní mór dúinn gach rud is féidir linn a dhéanamh chun stop a chur le scaipeadh an víris seo.”
CRÍOCH
- Bhí bailíochtú sonraí in HPSC mar bhonn le 3 bhás a bheith á ndífhógairt. Tá sé seo curtha san áireamh i líon na mbásanna - 1,650 bás