English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 10 Bealtaine

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 10 Bealtaine 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Bealtaine 2021

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu nár bhásaigh aon duine le COVID-19.

4,921 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche, Dé Domhnaigh an 9 Bealtaine, cuireadh 381 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 253,189* cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 192 / is mná iad 188 díobh
  • Tá 77% faoi bhun 45 bliain d’aois
  • 31 aois airmheánach na ndaoine
  • 188 i mBaile Átha Cliath, 39 i nDún na nGall, 30 i gCill Dara, 13 i Luimneach, 13 i gCorcaigh, 13 i dTiobraid Árann, 13 san Iarmhí agus tá na 72 cás eile scaipthe ar fud 15 chontae eile***.

Amhail 8am inniu, tá 124 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 31 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 15 in ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Amhail Dé Sathairn an 8 Bealtaine, bhí 1,827,610 dáileog den vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:

  • Bhí a gcéad dáileog faighte ag 1,327,821 duine
  • Bhí a dara dáileog faighte ag 499,789 duine

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh cás amháin deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 253,189 cás deimhnithe é seo.

**Ba cheart sonraí contae a mheas go amhail is gur sonraí sealadacha iad toisc gur córas dinimiciúil é an Córas Ríomhairithe náisiúnta um Ghalair Thógálacha a Thuairisciú (CIDR) agus tá sonraí cáis á mbailíochtú agus á nuashonrú i gcónaí.

Cásanna an lae inniu, meán gluaiseachta 5 lá de chásanna nua, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 9 Bealtaine 2021) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)

Contae Cásanna an lae inniu (go meán oíche 09 Beal 2021) Meán gluaiseachta 5 lá (04 Beal 2021 - 09 Beal 2021) Minicíocht 14 lá ráta in aghaidh gach 100,000 daonra (26 Aib 2021 go 09 Beal 2021) Cásanna Nua le linn 14 lá deiridh (26 Aib 2021 go 09 Béal 2021)
Éire 381 425.4 129 6,144
Dún na nGall 39 28 260.7 415
Cill Dara 30 34 250.8 558
An Iarmhí 13 11 201.6 179
Baile Átha Cliath 188 202 190.3 2,564
Ros Comáin 5 10 164.2 106
An Mhí <5 15 142.5 278
An Cabhán 0 6 137.8 105
Tiobraid Árann 13 7 118.5 189
Muineachán 5 6 114 70
Luimneach 13 14 110.3 215
<5 7 105.5 136
Uíbh Fháilí <5 4 97.5 76
An Longfort 0 1 93 38
Ceatharlach 7 3 89.6 51
Corcaigh 13 33 86.4 469
Cill Mhantáin 9 6 82.9 118
Gaillimh 11 9 75.2 194
Port Láirge 6 5 74.9 87
Liatroim 0 1 65.5 21
Loch Garman 12 9 49.4 74
Laois <5 3 41.3 35
Cill Chainnigh <5 3 40.3 40
An Clár <5 4 39.6 47
Maigh Eo <5 3 36 47
Sligeach 0 0 18.3 12
Ciarraí <5 2 13.5 20

Soláthraíonn an meán gluaiseachta 5 lá de líon na gcásanna nua táscaire iomchuí ar líon na gcásanna laethúla reatha laistigh de chontae. Áirítear aon bhailíochtú cásanna a tharla sna laethanta roimhe seo agus réitíonn sé luaineachtaí laethúla/deireadh seachtaine i líon na gcásanna. Soláthraíonn aois líon na gcásanna nua táscaire iomchuí ar líon reatha na gcásanna laethúla laistigh de chontae. Áirítear aon bhailíochtú cásanna maidir le laethanta roimhe seo agus réitíonn sé luaineachtaí laethúla/deireadh seachtaine i líon na gcásanna.

  • Ráta minicíochta 7 lá 61.30
  • Meán gluaiseachta 5 lá 425.40