Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 12 Aibreán 2021
- Foilsithe: 12 Aibreán 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu nach bhfuil aon duine básaithe de thoradh COVID-19.
4,785 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
Amhail meán oíche Dé Domhnaigh an 11 Iúil, cuireadh 394 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC.
241,330* cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
- Is fir iad 179 / is mná iad 214 díobh
- Tá 75% faoi bhun 45 bliain d’aois
- 33 aois airmheánach na ndaoine
- 175 i mBaile Átha Cliath, 34 i gCill Dara, 21 i nGaillimh, 21 i Maigh Eo, 20 i Luimneach agus tá na 123 cás eile scaipthe ar fud 18 gcontae eile**.
Amhail 8am inniu, tá 227 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 50 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 22 duine san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail an 10 Aibreán 2021, bhí 1,058,394 dáileog den vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:
- Bhí a gcéad dáileog faighte ag 745,363 duine
- Bhí a dara dáileog faighte ag 313,031 duine
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
CRÍOCH
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 9 gcás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 241,330 cás deimhnithe é seo.
**Ba cheart sonraí contae a mheas go amhail is gur sonraí sealadacha iad toisc gur córas dinimiciúil é an Córas Ríomhairithe náisiúnta um Ghalair Thógálacha a Thuairisciú (CIDR) agus tá sonraí cáis á mbailíochtú agus á nuashonrú i gcónaí.
- Minicíocht 7 lá 60.5
- Meán gluaiseachta 5 lá 404
Cásanna an lae inniu, meán gluaiseachta 5 lá de chásanna nua, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 11 Aibreán 2021) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)
Contae | Cásanna an lae inniu** (go meán oíche 11 Aib 2021) | Meán Gluaiseachta 5 lá de Chásanna Nua Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (go dtí 11 Aib 2021) | Cásanna Nua le 14 lá anuas (go dtí 11 Aib 2021) | |
Éire | 394 | 404 | 131.9 | 6,281 |
Uíbh Fháilí | 20 | 13 | 278.3 | 217 |
Cill Dara | 34 | 38 | 213 | 474 |
Baile Átha Cliath | 175 | 180 | 207.2 | 2,792 |
Laois | 12 | 9 | 201.9 | 171 |
An Iarmhí | 5 | 9 | 196 | 174 |
An Mhí | 17 | 21 | 168.2 | 328 |
Dún na nGall | 16 | 19 | 160.2 | 255 |
An Cabhán | 7 | 7 | 154.9 | 118 |
An Longfort | <5 | 4 | 129.7 | 53 |
Lú | <5 | 7 | 119.5 | 154 |
Muineachán | <5 | 5 | 114 | 70 |
Maigh Eo | 21 | 12 | 100.4 | 131 |
Cill Mhantáin | <5 | 8 | 94.8 | 135 |
Gaillimh | 21 | 18 | 86.8 | 224 |
Ros Comáin | <5 | 4 | 86.8 | 56 |
Loch Garman | <5 | 3 | 82.8 | 124 |
Tiobraid Árann | <5 | 5 | 82.7 | 132 |
Luimneach | 20 | 10 | 71.3 | 139 |
Corcaigh | 8 | 17 | 56.9 | 309 |
Port Láirge | 6 | 3 | 49.9 | 58 |
Liatroim | 0 | 1 | 43.7 | 14 |
Ciarraí | 8 | 5 | 41.3 | 61 |
An Clár | 6 | 3 | 37 | 44 |
Ceatharlach | 0 | 1 | 33.4 | 19 |
Sligeach | 0 | 1 | 21.4 | 14 |
Cill Chainnigh | <5 | 1 | 15.1 | 15 |
~Soláthraíonn an meán gluaiseachta 5 lá de líon na gcásanna nua táscaire iomchuí ar líon na gcásanna laethúla reatha laistigh de chontae. Áirítear aon bhailíochtú cásanna a tharla sna laethanta roimhe seo agus réitíonn sé luaineachtaí laethúla/deireadh seachtaine i líon na gcásanna.